Labhair muid le Damien Ó Dónaill, craoltóir, léiritheoir agus tráchtaire spóirt faoi Chluiche Ceannais na hÉireann agus é ag ullmhú do chlár speisialta, Glas agus Buí a bheidh ar siúl oíche Shathairn idir 7 agus 9 i gCúinne an Phíobaire, i mBaile Átha Cliath.
Tá tamall ann ó bhí Dún na nGall sa chluiche ceannais, cad atá difriúil faoi fhoireann na bliana seo, dár leat?
Tá sé aon bhliain déag ó bhí Dún na nGall sa chluiche ceannais agus ba le Ciarraí a bhí siad an bhliain sin fosta. Caithfidh tú a dhul siar trí bliana déag go 2012 nuair a bhain Dún na nGall Craobh na hÉireann go deireanach. An difir ná Jim Mc Guinness agus an dóigh a bhfuil sé ábalta an chuid is fearr a bhaint as an fhoireann ar fad. Tá draíocht faoi leith ag baint leis an stíl bainistíochta atá aige. Ach leis na cluichí móra a bhaint, bíonn sciorta den ádh de dhíth ort agus má tá Dún na nGall le Ciarraí a bhuaileadh ar an Domhnach, beidh siad ag súil go mbeidh an t-ádh leo chomh maith. Is beag a bheas idir na foirne agus beidh gach bomaite de achan lá an seachtain seo caite ag na foirne ag ullmhú don Domhnach.

Beidh brú mór ar na himreoirí ag an deireadh seachtaine, an féidir leat sin a aithint orthu agus tú i mbun tráchtaireachta?
Bíonn sé le feiceáil orthu agus iad ag teacht den bhus agus dhéanann imreoirí botúin ar pháirc na himeartha agus is mar gheall ar an bhrú atá orthu a tharlaíonn na botúin sin. Ach sin ráite, bíonn oiread oibre agus ullmhúcháin déanta acu sa lá atá inniu ann, bíonn síceolaí agus comhairleoir leis na foirne agus bíonn dóigh acu leis an fócas a choinneáil ar an sprioc atá rompu. Ach chonaic muid le Corcaigh Dé Domhnaigh seo caite, go dtig le eachtraí tarlú i gcluiche ceannais na hÉireann nach féidir smacht a choinneáil orthu agus sleamhnaíonn an cluiche uait i bhfaiteadh na súl. 82 míle duine i láthair, na milliún ag éisteacht agus ag coimhéad ar an chluiche ar fud na cruinne, níl iontas ar bith go mbíonn brú ollmhór orthu ar fad.

Tá tú ag plé le spórt in RnaG le roinnt mhaith blianta anois, cad iad na buaicphointí a sheasann amach le linn na tréimhse sin?
Thosaigh mé leis an raidió I mí Iúil 2014, an bhliain deireanach a bhí Dún na nGall sa Chluiche Ceannais. Ba iad blianta órga Dhún na nGall idir 2011- 2014 agus shíl muid go mbeadh Dún na nGall go minic sa chluiche ceannais ach ní mar sin a tharlaíonn. Thráigh an tobar ar dhóigh agus ní raibh Dún na nGall ábalta fáil ar ais go Cluiche Ceannais na hÉireann ó shin. Fuair mé an deis tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais peile na hÉireann i 2018 idir Tír Eoghain agus Baile Átha Cliath ach sin an t-aon cheann mar sin beidh an Domhnach seo iontach speisialta ar fad mar go mbeidh mo chontae dúchais féin ag imirt.
Is beag a shíl mé go dtarlódh a leithéid agus is pribhléid agus onóir mhór atá ann dom an tráchtaireacht a dhéanamh do RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh.
Gan dabht, má éiríonn le Dún na nGall, beidh an lá sin mar bhuaicphointe ach seasann cluichí eile amach dom. An chéad cluiche ceannais uladh i 2016 cúpla seachtain i ndiaidh dúinn ár gcomhghleacaí agus ár gcara Séamus Mac Géidigh a chur i gcré na cille. Ní dhéanfaidh mé dearmad den lá sin go breá. Bhí turas Ghaoth Dobhair i 2018 speisialta chomh maith nuair a d'éirigh leo Craobh Club Chúige Uladh a bhaint. Le bheith ionraice, bainim sult as achan cluiche a fhaighim an deis tráchtaireacht a dhéanamh air. Tá mé ag súil go mór leis an siúlóid sin isteach go Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo, suas go léibhéil 7 I Seastán Uí Ógáin, ag amharc an na suíocháin ag líonadh go mbíonn 82 míle duine i láthair, dhéanfar Amhrán na Bhfiann a sheinm agus ansin ag 3.30, beidh an liathróid caite in airde ag an réiteoir, rachaidh 30 fear i mbun comhraic agus níl smacht ar bith agam mar thráchtaire ar an 70 bomaite atá romhainn ach iarracht a dhéanamh pictiúr a chruthú agus scéal an chluiche a chur ar fáil chomh maith agus atá mé ábalta don lucht éisteachta a bheas linn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh Glas agus Buí ag teacht ó Chúinne an Phíobaire le muintir an dá chontae ag teacht le chéile, cad atá pleanáilte agaibh dóibh siúd a bheidh i láthair agus iad siúd a bheidh ag éisteacht sa bhaile?
Shíl muid mar fhoireann go raibh sé rí thábhachtach oiread clúdach agus is féidir linn a chur ar fáil an seachtain seo mar go bhfuil dhá chontae Gaeltachta ag imirt ar an Domhnach. Beidh neart plé ar Bharrscéalta agus an Saol ó Dheas le linn na seachtaine agus tiocfaidh an dhá chlár le chéile oíche shatharn I mBaile átha Cliath. Rinneadh an rud céanna i 2014 agus bhí craoladh speisialta ann. Beidh ceol beo againn, leitheidí Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Ó Curráin i láthair, beidh craic agus cuideachta againn le aíonna speisialta agus ag deireadh an chlár beidh na ticéidí deireanacha le baint don chluiche mór ar an Domhnach. Tá muid uilig ag súil go mór leis an deireadh seachtaine stairiúil seo inár saol.
Ar an Domhnach 27 Iúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht beo ó 2 i.n.
Glas agus Buí, beo ó Pipers Corner, i gcroílár Bhaile Átha Cliath, Dé Sathairn, 26 Iúil, 7–9pm, curtha i láthair ag an gCiarraíoch, Sláine Ní Chathalláin agus fear Thír Chonaill, Damien Ó Dónaill.