Tá na Conallaigh agus na Ciarraígh ag triall ar an ardchathair agus iad réidh le aghaidh a thabhairt ar a chéile i gCraobh Peile na hÉireann.
Le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid mhór seo le dhá chontae Gaeltachta sa chraobh, craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta clár speisialta, Glas agus Buí, beo ó Pipers Corner, i gcroílár Bhaile Átha Cliath ón 7–9pm, curtha i láthair ag an gCiarraíoch, Sláine Ní Chathalláin agus fear Thír Chonaill, Damien Ó Dónaill.

Beidh ceol, craic, spraoi agus spochadh, le lucht tacaíochta an dá chontae, iarimreoirí, scoth na gceoltóirí agus aíonna speisialta. Beidh scoth an cheoil ó cheoltóirí lena n-áirítear: Clann Uí Mhaonaigh agus Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Clann O'Connor as Sliabh Luachra, chomh maith le neart aíonna speisialta eile as Ciarraí agus Dún na nGall.
Beidh dhá thicéad le buachan do Chraobh Peile na hÉireann ar an oíche. Tá fáilte roimh chách. Bígí linn agus caithígí bhur ndathanna glasa agus buí!

Ar an Domhnach 27 Iúil, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Craobh Pheile na hÉireann le fáisnéis tuairiscí, torthaí, anailís agus tráchtaireacht beo ó 2 i.n.