skip to main content

Ciarán Ó Feinneadha ainmnithe ar ghearrliosta Laoch na nGael

Labhair Eoin P. Ó Murchú ar Chiarán Ó Feinneadha atá ainmnithe ag an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta don chomórtas Laoch na nGael.

Is féidir do vóta a chaitheamh anseo

Tá clú agus cáil ar Chiarán Ó Feinneadha as a dhíogras ar son na Gaeilge ar feadh a shaoil. Bhí baint mhór aige le bunú TG4 agus leis an gclub CLG Na Gaeil Óga. Nuair a bhí sé ina fhear óg agus é i mbun agóidíochta mar gheall ar a laghad Gaeilge a bhí i gcláracha RTÉ, dhreap sé crann a bhí ar láthair an stáisiúin. Gabhadh é toisc gur dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a cheannach ar an gcúis chéanna.

Deir Ó Murchú go raibh Ó Feinneadha lárnach i mbunú an chlub Na Gaeil Óga, a bhfuil breis agus 500 ball ann anois agus deir sé go raibh sé ann mar bhainisteoir chomh maith le ceannaire spioradálta, ó am go chéile!

Cuireann Ó Feinneadha síos air féin mar 'andúileach daoine agus caidrimh' agus dár le hEoin P. Ó Murchú, sin atá uainn i ndaoine atá ag iarraidh 'rud ar bith a bhrú ar aghaidh sa saol'.

Tríd a shaol ar fad ag plé leis an nGaeilge agus ag iarraidh cothrom na féinne a bhaint amach dá cuid cainteoiri, léirigh Ó Feinneadha gur duine diongbháilte agus díograiseach atá ann, a deir Ó Murchú.

Bíonn ar roinnt daoine drogallach agus iad ag lorg a gcearta a bheith ag plé leis an stát trí Ghaeilge ach léirigh Ó Feinneadha gur fiú an dua a chaitheamh le rud atá gar do do chroí.

Gach Céadaoin ar feadh 10 seachtainí i rith an tSamhraidh labhróidh abhcóide ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar son duine den deichniúr, agus cead vótála ag an bpobal ar líne ar feadh an ama. Ag deireadh an tSamhraidh déanfar an deichniúr a rangú bunaithe ar vótaí na n-éisteoirí agus fógrófar an té a tháinig sa chéad ait - Laoch na nGael.

Is féidir do vóta a chaitheamh anseo