Labhair an craoltóir agus láithreoir, Sinéad Ní Uallacháin ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus í ag cur síos ar Peig Sayers, atá ar an ngearrliosta do Laoch na nGael.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo
Bhí Ní Uallacháin páirteach i gclár speisialta faoi Pheig a bhí ar TG4 cúpla bliain siar agus dá réir, chuir sí an-aithne ar Pheig. Luann sí bua na scríbhneoireachta a bhí go smior in Peig mar phríomhchúis gur cheart go n-ainmneofaí í mar Laoch na nGael.
D'fhás Peig aníos ag éisteacht lena hathair ag insint finscéalta, síscéalta agus paidreacha agus d'fhoghlaim an bealach le lucht éisteachta a thabhairt léi. Dúirt Ní Uallacháin gur bhailigh Joe Daly breis agus 350 scéal ó Pheig.

Ag caint ar chur i láthair Pheig, dúirt Sinéad go bhfuil sé 'snasta', 'thar a bheith siamsúil agus taitneamhach' agus nach bhfuil aon easnamh ina cuid cainte.
Cé go raibh saol crua ag Peig agus go ndéanann sí cur síos an-chuimsitheach ar an anró agus ar an gcruatán ina beathaisnéis, luaigh Sinéad gur fiú smaoineamh ar an teacht aniar a bhí inti.
D'úsáid Peig a guth agus ag an am go raibh sí ag maireachtáil, níor tharla sin rómhinic, a deir Sinéad. D'fhéadfadh Peig a bheith ina spreagadh do mhná óga labhairt amach, cé nach bhfuil i gcónaí a leithéid a dhéanamh, a deir Ní Uallacháin.
Mar fhocal scoir, deir Sinéad go bhfuil aitheantas tuillte ag Peig mar gheall ar an ndrochíde a fuair sí le blianta anuas agus gur ceannródaí cultúir ab ea í.
Gach Céadaoin ar feadh 10 seachtainí i rith an tSamhraidh labhróidh abhcóide ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar son duine den deichniúr, agus cead vótála ag an bpobal ar líne ar feadh an ama. Ag deireadh an tSamhraidh déanfar an deichniúr a rangú bunaithe ar vótaí na n-éisteoirí agus fógrófar an té a tháinig sa chéad áit - Laoch na nGael.
Caith do vóta do Laoch na nGael anseo