skip to main content

An t-Oileánach is sine de bhunadh an Bhlascaoid caillte

Labhair Lorcán Ó Cinnéide, Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid ar a cara, Máiréad Ní Chearnaigh Uí Shé, bean a rugadh agus a tógadh ar an mBlaoscaod a fuair bás i Meiriceá.

Dúirt Lorcán go raibh sí lán de cheol, de chraic agus de dhiabhalaíocht i gcónaí. Rugadh ar an oileán í sa bhliain 1922 agus mhair sí ann go raibh sí 27 bliain d'aois sa bhliain 1949 nuair a d'fhág sí le himeacht go Meiriceá. D'imigh sí léi agus 'buíon ina teannta' ag an am agus dúirt sí go raibh sí ar bís le dul go Meiriceá ag an am 'do rinceas trasna an Atlantlaigh', áit a raibh cairde agus daoine muinteartha léi ann roimpi.

Dár ndóigh, tá cáil mhór an oileán speisialta seo toisc an oidhreacht shaibhir litríochta, ceoil agus scéalaíochta a d'fhág na hOileánaigh ina ndiaidh. Liuaitear Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers agus Muiris Ó Súilleabháin mar ambasadóirí cultúir agus oidhreachta an oileáin go minic.

Tréigeadh an oileán go hoifigiúil sa bhliain 1953, tráth nach raibh fágtha ar an oileán ach tuairim is dhá scór duine ann, páiste amháin ina measc.

Éist anseo le mír ón gclár Cartlann Bhóthar na Léinsí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus muintir an Bhlaoscaoid Mhóir ag caint faoi na cúiseanna ar tréigeadh an oileán sa bhliain 1953.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Phós Máiréad Meiriceánach thall, as Corcaigh a theaghlach ó dhúchas agus d'fhan sí i Meiriceá ar feadh a saoil. Bhí ceathrar clainne uirthi agus maireann beirt acu fós. Labhair Lorcán léi faoina hóige ar an oileán agus dúirt sé go raibh sí an-tógtha leis an áit agus í ina cailín ach nach áit í do bhean óg. Bhí cuimhní geala aici ar na daoine a mhair ann ach go raibh sí fuarchúiseach faoin mBlascaod mar áit chónaithe, luaigh sí gur áit chrua a bheadh ann go mór mór do bhean.