Scríobhann Richie Mac Liam agus Tatyana Feeney faoina gcinneadh tabhairt faoi leabhar balbh Height for Hire/ Suas sa Spéir, leabhar nach bhfuil aon fhocal le léamh ann ach go bhfuil scéal fós le hinsint.
Ó thosaíomar amach in My Irish Books, táimid ag díriú ar leabhair atá lán de cheol, den traidisiún, d'fhuaimeanna saibhre. Mar sin, d’fhéadfadh daoine a cheapadh go bhfuil sé aisteach gur shocraíomar leabhar balbh a fhoilsiú. Ach mar an gcéanna lena chéile, tacaíonn an dá chineál leabhair seo leis an inrochtaineacht: le leabhair fuaime, is féidir le héinne éisteacht leis an leabhar agus idirghníomhú leis. I gcás leabhair gan focail, is féidir le héinne an scéal a insint i dteanga ar bith. Ní gá a bheith líofa.
Tá sé seo ar aon dul lenár gcur chuige in My Irish Books: bímid ag iarraidh an léitheoireacht i nGaeilge a oscailt do níos mó daoine - go háirithe do theaghlaigh a bhfuil leibhéal éagsúil Gaeilge acu. Is leabhar é seo nach gcuireann bac ar éinne: tugann sé cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh sa scéal.
Tháinig an smaoineamh dom i dtosach nuair a chonaic mé na hoibreacha tógála ar fad ar fud Bhaile Átha Cliath - crainn tógála i ngach áit agus 'Height for Hire' scríofa orthu. Ar chúis éigin shleamhnaigh a smaoieamh de shioráf isteach i m’intinn agus smaoinigh mé: cad a dhéanfadh páiste dá mbeidís in ann sioráf a hireáil? Nó níos sonraí fós, cad a dhéanfaidís dá mbeadh sioráf mar chara acu chun go mbeidís ní b’airde?
Ó bhí an smaoineamh ceangailte le Baile Átha Cliath, shocraigh mé na radhairc a lonnú i bPáirc an Fhionnuisce, agus go dtiocfadh an sioráf ó Zú Átha Cliath.
Ag an am sin, ní raibh mórán leabhar balbh bunaithe nó foilsithe in Éirinn, agus cheap mé go mbeadh sé go deas rud ‘Éire-shonrach’ a chruthú. Fuair mé maoiniú ón gComhairle Ealaíon nuair a chuir mé an smaoineamh faoina mbráid cúpla bliain ó shin.
Bhí fonn orm leabhar balbh a dhéanamh mar is leagan thar a bheith inrochtana é, agus mar mhaisitheoir, creidim go láidir gur féidir scéal a insint trí phictiúir amháin.
Ba mhian liom go mbeadh cúpla leathanach eile ann - agus go mbeadh tuilleadh eachtraí ag an mbuachaill agus ag an siráf , is dócha! Agus mar fhocal scoir agus mar nóta pearsanta: chuir mo mhac ina luí orm tráth go raibh an sioráf chomh hard sin go bhféadfadh sé breith ar eitleán thuas sa spéir. ... cé go raibh imní air freisin go n-íosfadh sé é!
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin leabhar balbh Height for Hire nó My Irish Books go ginearálta anseo.