skip to main content

Amharclannaíocht i nGaeilge faoi bhláth sa Taibhdhearc

Muireann Kelly,Stiúrthóir Ealaíne An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge
Muireann Kelly,Stiúrthóir Ealaíne An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

Scríobhann Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge faoina ról, faoi thábhacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus faoina fís don amharclann.

Sa bhliain 2028, beidh cothrom céad bliain á ceiliúradh ag An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Sa bhliain 2024, bronnadh €5.78 milliún ar bhord na Taibhdheirce ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta chun tacú le forbairt ar chlár oibre uaillmhianach a mhairfidh go dtí deireadh 2027. Beidh an bhéim ar thacú le healaíontóirí atá ag obair leis an nGaeilge, chun saothar nua agus cóirithe ar repertoire clasaiceach a fhorbairt, a léiriú agus a thabhairt ar camchuairt, agus ag an am céanna dul i ngleic le lucht féachana atá líofa sa Ghaeilge, á foghlaim nó fiosrach faoin nGaeilge ar fud na hÉireann. Tagann an maoiniú suntasach seo i ndiaidh blianta fada d'obair chrua (obair nár aithníodh go minic) ón mbord agus ó amharclannóirí a oibríonn trí Ghaeilge. Agus muid ag druidim leis an gcéad 100 bliain atá romhainn, ní fhéadfadh sé teacht ag am níos fearr, an Ghaeilge i mbun athbheochana, go háirithe sna healaíona.

I seachtain inar shocraigh an BBC gan Kneecap a chraoladh beo ag Glastonbury (cuireadh ar fáil é ar an IPlayer tar éis roinnt eagarthóireachta a bheith déanta air) Nuair a bhaineann tábhacht mhór le bheith Éireannach agus a bheith in ann muid féin a chur in iúl tríd an nGaeilge, tá sé ríthábhachtach go gcloisfear teangacha mionlaigh mar aon le guthanna agus scéalta atá faoi ghannionadaíocht. Seo tráth nach bhféadfadh ár nAmharclann Náisiúnta Gaeilge a bheith níos tábhachtaí fós. Chuireamar tús lenár gclár 2025 ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe i mí Bealtaine le scéal Bhéal Feirste, 'Dathanna Geala Amháin' le Pauline Goldsmith, a chuaigh ar camchuairt agus a dhíol ionaid amach ó Ghaoth Dobhair go dtí Axis, Baile Munna, ag críochnú sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Thosaigh mé ag pleanáil an chláir seo in 2024 agus cuireadh tús le cur le chéile na foirne i mí Eanáir 2025. Tar éis dom a bheith ag obair in amharclannaíocht na hAlban le breis agus 30 bliain, ba mhór an t-athrú a bhí ann. Bhí cleachtadh níos mó agam ar rudaí áirithe ná a chéile. Tar éis dom compántas amharclannaíochta camchuairte a bhunú agus a reáchtáil ar feadh 10 mbliana (Theatre Gu Leòr), agus saothar a chruthú in Gàidhlig agus i dteangacha mionlaigh eile, bhí cur amach agam ar chuid de na dúshláin cheana, ach i dteanga a bhí cosúil le col ceathrair na Gaeilge.

beckett sa Taibhdhearc

Má théim siar go dtí an tús, fuair mé mo chéad phost ag 19 mbliana d’aois mar chuid den fhoireann chúlstáitse in Amharclann an Gaiety ar sheó le Maureen Potter agus Siobhán McKenna, a bhfuil cuimhne an-ghean agam orthu. Níl a fhios agam cad a cheapfadh Siobhán faoin déagóir sin ag filleadh ar an Taibhdhearc, amharclann a raibh aithne agus grá chomh mór sin aici uirthi.

Ansin chuaigh mé ag obair cúlstáitse in Amharclann an Gheata, áit ar bhain mé lán na súl as pictiúir dhubha agus bhána de Mhicheál Mac Liammóir a mhaisigh ballaí an fhorhalla ag an am. Bhí sé de phribhléid agam foghlaim ó ghlúin aisteoirí, stiúrthóirí agus ealaíontóirí ansin a bhí do mo spreagadh ó shin i leith. Tá na naisc stairiúla seo idir an obair a rinne Mac Liammóir ag Amharclann an Gheata agus ag an Taibhdhearc i mo chuimhne i gcónaí. Go deimhin, ní chríochnaíonn na naisc ansin - le linn mo chéad chúpla ról aisteoireachta in Amharclann na Mainistreach, bhí mé ag roinnt an stáitse le haisteoir óg eile ag an am: Sarah Jane Scaife.

Tar éis na mblianta seo ar fad, tá sé de phribhléid agam a bheith in ann comhoibriú le Sarah Jane agus a foireann ag Company SJ - ag léiriú gearrshaothair nua-aistrithe le Beckett: Coiscéimeanna, Ní Mise, Luascaire agus Siosarnach 4 a stiúir sí d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, buaicphointe ár gcláir nua in 2025.

Is féidir ticéad a chur in áirithe do Beckett sa Chreig: Guth na mBan anseo