Scríobhann Marcus Mac Conghail, léiritheoir agus láithreoir Aistí ón Aer faoin tsraith nua atá ag tosú inniu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine ag 2.05pm a chuireann an nua-scríbhneoireacht Ghaeilge os comhair an phobail éisteachta.
Ní rud go ndéantar ach áit go dtéitear atá sa ghnéas, a deirtear.
D'fhéadfá an rud céanna a rá faoin léamh agus, nuair atá scéal i gceist, faoin éisteacht.
Téann tú go dtí áit éigin eile. Is turas treoraithe atá ann, ach is tú fhéin a dhathaíonn an-chuid de.
Tá breis is céad fiche duine tar éis píosa a scríobh do Aistí ón Aer ó craoladh an chéad tsraith ar RnaG cúig bliana ó shin. Is sraith í a thugann ardán don nua-scríbhneoireacht Ghaeilge agus tá na cláracha is déanaí á gcur amach anois ar an stáisiún.

Ar chúis éigin nuair a thosnaíos ag féachaint siar ar liosta na ndaoine a bhí páirteach go dtí seo dhíríos ar áit dúchais gach scríbhneora: An Ghaeltacht – check. Na Cathracha Móra – check. Na Contaetha go léir – beagnach check. Ach stop mé ag liostáil agus dúrt liom fhéin, shur nach cuma cad as a dtagann duine. Is tábhachtaí a bhfuil le rá acu agus an tslí ina ndeireann siad é.
Tá réimse leathan daoine tar éis a bheith páirteach ó craoladh an chéad tsraith in 2021. Scríbhneoirí aitheanta cuid acu; cuid eile nár scrígh aiste i nGaeilge le fiche nó tríocha bliain ó dh'fhágadar an scoil; agus cuid eile fós ar scoil.
Is liosta le háireamh ábhar nó téamaí na n-aistí. Tá cuntais scríofa ar cheithre cinn déag de thíortha. Tá an dúlra, an timpeallacht, cúrsaí aeráide, agus ainmhithe pléite. Tá spórt, polaitíocht, agus eachtraí ó stair na tíre seo agus ó thíortha eile cíortha.
Dóibh siúd a scríobhann don tsraith tá béaloideas agus ceol ina bhfoinsí rialta inspioráide, chomh maith le scéalta pearsanta agus cúiseanna gearáin nó agóide. Maidir le ficsean de tá gearrscéalta agus sleachta as úrscéalta cloiste leis.
Im thuairim, tá sé tábhachtach go scríobhfadh daoine i nGaeilge - ní mar ghníomh ann fhéin – ach ar mhaithe le bithéagsúlacht smaointeoireachta agus tuisceana.
Aríst ar ais, an bua atá ag RnaG ná go bhfuil ábhar á chur ar fáil i riocht fuaime don éisteoir – cé acu an bhfuil nó nach bhfuil léamh is scríobh na teanga acu.

Tá súil agam, a éisteoir, go dtógfaidh ar a laghad aiste amháin ón tsraith ar aistear tú, go spreagfar do shamhlaíocht agus go rachaidh tú fhéin i mbun pinn.
Le clos i gclár na seachtaine seo beidh píosaí le Billy Lynch, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, Úna Nic Cárthaigh, agus Aindriú de Paor.
Éist le Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine, 2.05pm