skip to main content

Scannáin den scoth ag an Galway Film Fleadh

David Keenan
David Keenan

Gach samhradh, tagann plúr na n-ealaíontóirí ó dhomhan na scannán go Cathair na dTreabh lena saothair a thaispeáint agus a cheiliúradh ag an Galway Film Fleadh.

I mbliana, tá réimse ollmhór scannán ann a chlúdaíonn ábhar atá gar don chroí agus a léiríonn éagsúlacht agus castacht an domhain mhóir freisin. Don chéad uair, taispeánfar blaiseadh de na scannáin atá ag teacht ó TG4.

Ag Lorg Hy-Brasil, 1pm Dé Céadaoin an 9 Iúil in amharclann an Pháláis.

Ag Lorg Hy-Brasil
Ag Lorg Hy-Brasil

Is scannán fada faisnéise é Ag Lorg Hy-Brasil a fuair ábhar inspioráide ó iontráil na hÉireann ag Bienniale Ailtireachta na Veinéise. Bhí Inis Meáin i gcroílár an taispeántais. Go stairiúil, bhí ailtireacht an oileáin chreagaigh sceirdiúil seo múnlaithe ag a thaobh tíre agus ag an ábhar ar leith a bhí le fáil ann. Bhí sé sin ina fhoinse shaibhir inspioráide ag an bhfoireann d'ailtirí Éireannacha a roghnaíodh. Tá coincheap thar a bheith físiúil ag baint le Ag Lorg Hy-Brasil. Baintear úsáid as íomhánna agus fuaimeanna chun gnéithe an oileáin a threisiú, mar aon le scéalta a úsáid chun béim a leagan ar nádúr aonrach eisceachtúil an tsaoil ar an oileán. Arna léiriú ag Red Pepper Productions Ltd agus arna maoiniú faoi scéim ilDÁNA na Comhairle Ealaíon agus TG4.

David Keenan- Focla ar Chanbhás. 9.30pm Dé Céadaoin an 9 Iúil in amharclann an Pháláis.

David Keenan
David Keenan

Portráid atá sa gclár seo d'ealaíontóir amháin agus é ina fhear óg, ach is portráid freisin é de gach uile ealaíontóir ceoil atá ar a dhícheall an fód a sheasamh in aghaidh chumhacht na n-algartam, agus fanacht dílis dó féin agus dá ghairm ar bhealach cumhachtach. Arna léiriú ag Tua Films agus arna maoiniú faoi scéim ilDÁNA na Comhairle Ealaíon agus TG4.

Éire agus na Chéad Náisiúin. 1.30pm Dé hAoine an 11 Iúil in Amharclann Halla an Bhaile

Éire agus an chéad náisiún
Éire agus na Chéad Náisiúin.

Scéal dochreidte, a ligtear i ndearmad go minic, faoi na Gaeil agus an caidreamh stairiúil a bhí acu le Chéad Náisiúin Mheiriceá Thuaidh. Nochtann comhráite le hacadóirí agus tráchtairí bundúchasacha a bhfuil tuiscint den scoth acu ar an scéal, chomh maith le roinnt de na staraithe is mó cáil in Éirinn, fírinne an scéil ríshuimiúil seo. Léirigh ár n-iompar i leith na mBundúchasach an scoilt mhór inár n-aigne féin mar náisiún ag an am. Ba chairde agus naimhde muid, daoine a díshealbhaíodh agus a dhíshealbhaigh daoine eile óna dtalamh féin. Arna léiriú ag Ronin Films le tacaíocht ó TG4, ILBF agus Coimisiún na Meán.

Tá gach eolas le fáil faoin bhfleadh anseo