Tá tús spleodrach curtha le Scoil Samhraidh Willie Clancy 2025, agus tá Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh, ag craoladh beo ó Shráid na Cathrach, Co. an Chláir.
Beidh Ríl an Ródaí beo ó 3-5i.n ón Luan 7 Iúil go Déardaoin 10 Iúil, agus beidh cuid de na ceoltóirí agus fonnadóirí is fearr sa tír i gcomhluadar Tristan Rosenstock.
Cloisfear ceol traidisiúnta breá bríomhar le Neansaí Ní Choisdealbha agus aíonna speisialta ó chuile chearn den tír ar Ceol Binn ó na Beanna, ón Luan 7 Iúil go Céadaoin 9 Iúil, beo ón Ródaí ag 7-9i.n. Ansin, ar an Déardaoin 10 Iúil, beidh ceol agus comhrá ó chian agus cóngar, óg is aosta, ag An Saol Ó Dheas, beo ó Rodaí RnaG i Sráid na Cathrach ó 12i.n.
Labhair muid le Tristan Rosenstock faoin méid a bheidh le clos ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, agus bhí cúpla leid aige do dhaoine atá ag triail ar Scoil Samhraidh Willie Clancy an tseachtain seo.
An bhfuil tú ag freastal ar Scoil Samhraidh Willie Clancy le roinnt blianta?
D'fhreastail mé ar Scoil Samhraidh Willie Clancy don chéad uair thiar sa bhliain 1997. Bhíos 16 bliana d'aois agus is ag campáil a bhíos. Bhí sé ag stealladh báistí feadh na seachtaine agus bhí lochán beag sa phuball. Bhíos sna flaithis! Táim ag filleadh ar SSWC ó shin i leith.
An féidir cur síos gairid a thabhairt ar an méid a bheidh le cloisteáil ar Ríl an Ródaí i mbliana, beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy?
Déanaimid iarracht blaiseadh a thabhairt don lucht éisteachta den tseachtain féin, mar sin cloisfimid ó dhaoine a bhfuil leabhar nó ceirnín á sheoladh acu ann (Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill; Ciarán Ó Maonaigh) maraon le ceoltóirí a thagann ó chian is ó chóngar le bheith i láthair. Bíonn an-chomhluadar go deo inár dteannta ó Luan go Déardaoin.
Tá an scoil samhraidh ag fás agus ag forbairt bliain i ndiaidh bliana. An bhfuil seo feicithe agat thar na blianta?
Tá fás as cuimse tagtha ar Scoil Samhraidh Willie Clancy le scór bliain anuas ach tá an spiorad croíúil céanna le brath i gcónaí . Níor mhaith leat é a fheiceáil ag fás mórán níos mó, ach ní dóigh liom gur baol dúinn; tá gach lóistín laistigh de scór míle ó Shráid na Cathrach lán!

Cén sórt atmaisféir atá le brath sa Ródaí nuair atá sibh ag craoladh ó chroílár Shráid na Cathrach?
Bíonn atmaisféar lasrach ann i gcónaí mar go mbíonn gach éinne chomh sásta a bheith ag Scoil Samhraidh Willie Clancy. Agus táimid i lár an aonaigh chomh maith, mar sin bíonn slua bailithe timpeall orainn, rud a chuireann go mór leis an atmaisféar. Bhí seisear ón Len Collective istigh linn anuraidh agus bhí an Ródaí ag crith ó thaobh go taobh!
Tugann Ríl an Ródaí ardán do chuid de na ceoltóirí is fearr sa tír atá ag freastal ar SS Willie Clancy, ach tugann sé deis freisin don chéad ghlúin eile de cheoltóirí óga seinnt ar an raidió don chéad uair. An dtugann seo ardú croí duit?
Tagaim ar cheoltóirí nár chuala mé ag seinm cheana gach bliain agus is breá linn i gcónaí fáilte a chur roimh cheoltóirí óga chuig an Ródaí. Tá sé tábhachtach taifead a dhéanamh ar cheoltóirí cumasacha atá ag teacht in inbhe agus cruthaíonn sé ábhar cartlainne luachmhar dúinne chomh maith.
Cén rud is ansa leatsa faoi Scoil Samhraidh Willie Clancy?
Nuair a thagaim ar stól taobh le ceoltóirí breátha a ligean dom seal a chaitheamh ag seinm ina dteannta.
An bhfuil comhairle nó leideanna ar bith agat do dhaoine atá ag freastal ar SS Willie Clancy don chéad uair?
Má thagann tú ar sheisiún maith - fan san áit a bhfuil tú. Bíonn daoine ag siúl ó áit go háit ag ceapadh go mb'fhéidir go bhfuil siad ag cailliúint amach ar sheisiún níos fearr. D'fhéadfá tráthnóna iomlán a chur amú á dhéanamh sin. Agus éist! Bíonn daoine ró-dhírithe ar bheith ag seinm ach is cuid lárnach den tseachtain an éisteacht, dar liom.
Beidh an t-aicsean ar fad ó Scoil Samhraidh Willie Clancy 2025 le cloisteáil beo ar an aer agus ar sheinnteoir RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine seo.