Scríobhann Darragh Ó Caoimh, tuairisceoir le Fóram, faoi na dúshláin atá roimh lucht na hArdteiste, na múinteoirí agus a dtuismitheoirí araon leis an intleacht shaorga faoi lán seoil.
AI, Aistí is an Ardteist: trí ní nár cheart a mheascadh?
Dé Céadaoin seo caite bhí triall na mílte dalta ó cheann ceann na tíre ar na hallaí scrúdúcháin agus tús á chur le scrúduithe na hArdteistiméireachta. Beagnach céad bliain atá an Ardteist ar an bhfód - in 1926 a reáchtáladh na scrúduithe den chéad uair – agus ba gheall le deasghnáth aistriú saoil ag déagóirí na hÉireann í sa tréimhse sin, go háirithe ó rinneadh an mheánscolaíocht saor in aisce sna 1960í.
Is iomdha athrú atá dulta ar an siollabas agus ar na scrúduithe ó shin i leith: tugadh isteach béaltriail sa Ghaeilge in 1960, d'imigh Peig is tháinig Cáca Milis, is leathnaíodh an rogha ó 25 ábhar go 40 ceann; tá an Corpoideachas, an Ghrafaic Dheartha is Cumarsáide, agus a thuilleadh nach iad mar rogha staidéir anois. Tá gnéithe eile nár athraigh puinn: Shakespeare sa Bhéarla, cuirim i gcás, nó teoirim Phíotágaráis sa mhatamaitic. Ná níor athraigh ach chomh beag an bhéim mhillteach a leagtar ar na scrúduithe deiridh, seachas ar an bhfoghlaim féin agus an t-oideachas sa chiall is leithne.
Tá an tAire Oideachais Helen McEntee ag iarraidh leasú suntasach a dhéanamh ar an Ardteist anois féachaint le cuid den bhrú a bhaineann léi a laghdú. Ach tá dris mhór chosáin roimpi fós.
Aréir vótáil Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (an ASTI) gan glacadh le bearta tacaíochta ar mhaithe le cur i bhfeidhm an leasaithe seo, le móramh de 68%. Ina theannta sin, thug an bhallraíocht a mbeannacht do ghníomhaíocht tionsclaíoch, stailc san áireamh, le cur ina aghaidh seo más gá.
I ndiaidh an vóta dúirt Ardrúnaí an cheardchumainn Kieran Christie go raibh an-imní ar mhúinteoirí dara leibhéal maidir le cur i bhfeidhm na n-athruithe seo. Ar na hábhair bhuartha a luaigh sé go sonrach bhí tionchar na hintleachta saorga (nó IS), agus uirlisí giniúna ar nós ChatGPT, ar an leagan amach nua den Ardteist.
An bhfuil an baol ann go gcuirfidh an intleacht shaorga an córas nua measúnaithe ó mhaith?

Plean na Roinne
Faoin leasú atá molta bhronnfaí ar a laghad 40% de na marcanna i ngach ábhar ar chodanna breise den mheasúnú nó "additional assessment components (AACs)". Béarlagar na Roinne é seo do nithe nach scrúdú scríofa iad, mar shampla scrúdú cainte sa Spáinnis, triail phraiticiúil sa cheol nó aiste taighde sa Stair. Tá an 40% seo i bhfeidhm cheana i roinnt mhaith ábhar ach bheadh cor mór i ndán d’ábhair eile ar nós an Bhéarla. Sna hábhair eolaíochta - an Cheimic, an Fhisic agus an Bhitheolaíocht - a chífear na hathruithe seo ar dtús, ag tosnú i mí Mheán Fómhair.
"Ní hé seo an t-am ceart"
Ábhar imní an méid seo don Dr. Áine Hyland. Ollamh Emerita le hOideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus iar-Leas-Uachtarán ar an bhforas céanna.
"Táim buartha maidir leis na hábhair eolaíochta toisc gur aiste atá i gceist agus ní obair phraiticiúil" a dúirt sí le Fóram. "Is féidir aiste nó tionscadal an-mhaith a scríobh gan a bheith sa saotharlann eolaíochta riamh."
"Do chuir mé roinnt ceisteanna ar Chat GPT agus fuair mé aiste agus tionscadal an-mhaith tar éis cúpla nóiméad ó AI agus dá dtabharfainn don mhúinteoir é ní bheadh a fhios acu nach mise a scríobh an aiste sin."
Admhaíonn an Dr. Hyland go bhfuil gá le huasdátú ar an Ardteist ach measann sí nach é seo "an t-am ceart" leis seo a dhéanamh i bhfianaise forbairtí san intleacht shaorga.
Tá seo ag déanamh tinnis chomh maith do Sheán Delap, príomhoide Choláiste Íosagáin. Deir sé go bhfuil baol ann go gcaillfidh daltaí a gcuid "scileanna anailíse" má bhíonn siad ag brath rómhór ar an intleacht shaorga agus go mbeidh thiar orthu i scrúduithe scríofa dá dheasca sin.
Ní mór dúinn an intleacht shaorga "a smachtú ar shlite áirithe" dar leis, agus creideann sé go bhfuil na hathruithe ar an Ardteist á dtabhairt isteach "ró-thapaidh agus nár smaoinigh [an Roinn Oideachais] orthu i gceart agus go mba cheart daofa é a mhoilliú síos beagáinín".
Treoirlínte
Bhí ceisteanna i dtaobh na hintleachta saorga san Ardteist ar na hábhair a bhí idir chamáin ag ceardchumainn na múinteoirí agus an Roinn sna cainteanna le déanaí. Sa chomhaontú eatarthu, ar vótáil baill an ASTI ina choinne, tá gealltanas go gcuirfear tascfhórsa ar bun sa bhfómhar le féachaint ar úsáid "chuí eiticiúil" na teicneolaíochta seo, go háirithe i gcomhthéacs an leasuithe ar an tsraith shinsearach. Ní fios cén uair a bheidh toradh ar shaothar an tascfhórsa sin, áfach.
Go dtí seo is ag feidhmiú in éagmais aon treoirlínte atá múinteoirí dara leibhéal. Tharraing Comhairle an Rialtais um an Intleacht Shaorga aird air seo i dtuairisc a d’fhoilsigh siad i mí Feabhra inar luaigh siad an géarghá atá le treoirlínte a fhorbairt le haghaidh múinteoirí.
"Ní féidir an iomarca béime a leagan ar an bpráinn agus ar an tábhacht a bhaineas leis seo" a dúirt siad.
Ach i ráiteas le Fóram dúirt an Roinn Oideachais nach bhfuil na treoirlínte seo réidh fós, go bhfuil "bailchríoch á cur orthu faoi láthair" agus go bhfuil súil acu go bhfoilseofar iad "go luath".
Cad a tharlóidh?
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil fonn ar an Aire treabhadh ar aghaidh leis an leasú seo, beagbheann ar an mbuairt i dtaobh IS agus vóta an ASTI. Más mar sin a bheidh is é tuairim an Dr. Hyland gur cheart do Choimisiún na Scrúduithe Stáit dhá mharc a eisiúint, a mbeadh teacht ag daltaí agus ag an CAO araon orthu.
"Má tá an-difríocht idir an marc a fuair tú sa scrúdú scríofa agus an marc a fuair tú san AAC, bheadh ceisteanna á gcur agamsa mar gheall air sin.Chabhródh sé seo le fostóirí agus ollscoileanna fíor-chumas na ndaltaí seo a mheas, a deir sí.
Go deimhin, tá na hinstitiúidí tríú leibhéal iad féin i ngleic le réabhlóid na hintleachta saorga agus leis na buncheisteanna a eascraíonn aisti.
"Táimid ag iarraidh ar ár mic léinn a bheith ionraic agus a bheith oscailte linn, a insint dúinn ar bhain siad úsáid as uirlisí IS" a deir an Dr. Áine Mahon, Ollamh Comhlach leis an bhFealsúnacht Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
"Tá i bhfad níos mó saoirse agus solúbthachta ag daoine a bhíonn ag teagasc ag an 3ú leibhéal agus is rud iontach é sin, dar liom féin, ach tá sé deacair orainn polasaí a bheith againn mar tá gach rud ag athrú chomh sciobtha sin."
Ceist chigilteach amháin is ea nach annamh ag mic léinn uirlisí intleachta saorga a úsáid d’fhonn a gcuid oibre a athscríobh agus a gcuid smaointe a dhéanamh níos líofa agus níos deisbhéalaí. Ach is í an scil seo an scil "is bunúsaí" den oideachas tríú leibhéal dar lena lán. Ag deireadh an lae is é an mhuinín idir mic léinn agus a gcuid teagascóirí an ghné is tábhachtaí den scéal ag an tríú leibhéal dar leis an Dr. Mahon:
"Téann an caidreamh seo go croílár an oideachais, a déarfainn féin, agus is rud an-tábhachtach é go mbeimis in ann a bheith leochaileach, a bheith oscailte, a bheith daonna linn féin agus muid go léir ... ag roinnt na leasanna agus na luachanna céanna."
Pléifear an t-ábhar seo ar Fóram maidin Domhnaigh ar RTÉ ONE ar 10.30 agus ar an RTÉ Player