skip to main content

Gradam Spiorad na Féile bronnta ar Kneecap ag Féile na Meán Ceilteach

Is ar an scannán Kneecap a bronnadh Spiorad na Féile tráthnóna aréir ag gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach i gCorn na Breataine.

Kneecap, an tríréad rapcheoil spleodrach ceannródaíoch Gaeilge, agus an bealach ar tháinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh, sin scéal an scannáin. Tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. In iarthar Bhéal Feirste, 2019, atá an scannán suite agus tugtar cuntas ar an gcinniúint a thug an triúr le chéile agus ar an mbealach 'ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor' ina dhiaidh sin. Léiriú le Fine Point Films LTD.

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: "Tá níos mó i gceist le KNEECAP ná scannán amháin; is gluaiseacht é a bhfuil spás ar leith bainte amach aige i gcultúr na n-óg in Éirinn agus anois i scannánaíocht an domhain. Tá an Ghaeilge curtha ar na hardáin is tábhachtaí ar domhan ag Kneecap, í mar mhodh cruthaitheach cumhachtach acu chun dul i gcion ar chultúir dhúchasacha, ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa cheol agus ar dhuine ar bith a bhfuil meas acu ar shárscéalaíocht. Tá tiomantas TG4 tacú leis an rabharta feabhais seo i seánraí cláir a bhfuil script agus nach bhfuil script leo seasmhach. Comhghairdeas Kneecap."

Trevor Birney agus Jack Tarling a léirigh an scannán do Fine Point Films, Wildcard agus Mother Tongues Films, agus bhí Patrick O’Neill ó Wildcard ina Chomh-Léiritheoir. TG4, Scáileán Thuaisceart Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán, Dias Feld agus Kamila Serkebaeva, a chur maoiniú ar fáil don scannán agus fuair sé tacaíocht ó Great Point Media.

Is í Féile na Meán Ceilteach ceann de na féilte is mó le rá agus is fadbhunaithe ar na hoileáin seo agus reáchtáiltear gach bliain í, á roinnt ar na hionaid sna náisiúin agus réigiúin éagsúla Cheilteacha.