skip to main content

'Fiáin agus tomhaiste': Ceol nua le Cormac Begley

Labhair Cormac Begley le Sláine Ní Chathalláin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina albam nua le Liam O' Connor, Into the Loam atá le seoladh an tseachtain seo.

Ag caint ar an gcomhoibriú seo, dúirt Cormac go raibh sé fuirist a bheith ag obair le Liam O' Connor a sheinneann an veidhlín agus an viola toisc gur ardcheoltóir é chomh maith le cara maith dá chuid é. Cé gur obair thaitneamhach ab ea an taifead, luaigh Begley gur gá a bheith dírithe go hiomlán ar an gceol atá fiáin agus tomhaiste ag an am céanna.

Cormac, Miriam agus Liam O' Connor

Seolfar an albam ag ócáid speisialta in Vicar St ina seolfar dírbheathaisnéis athair Chormaic, Breanndán, dár teideal 'Clann na Seanamhuintire' an oíche chéanna. Chomh maith leis an albam ó Chormac agus Liam agus an leabhar le Breanndán, seolfar leabhar le athair Liam. Tá Vicar St. líonta ag Cormac leis féin roimhe seo agus deir sé gur 'dúshlán mór' ab ea é ach go bhfuil sé taitneamhach a bheith ar an stáitse os comhair an tslua.

Tá Cormac ag foilsiú a chuid dlúthdhioscaí féin tríd a chomhlacht, Airt, le tamall anuas agus beidh leabhar a athar á fhoilsiú aige freisin. Ag caint faoi ealaíontóirí agus a gcearta, molann sé d'ealaíontóirí eile iarracht a dhéanamh amhlaidh a dhéanamh agus deir sé go bhfuil sé tábhachtach gur leo féin a gcuid ealaíne féin.

Éist anseo le Cormac agus Liam ag caint agus agus ag seinnt ceoil ar an gclár Sunday with Miriam ar RTÉ Radio One.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences