Labhair muid leis an aisteoir agus scríbhneoir Roxanna Nic Liam a bheidh le feiceáil in Aistear an Amhráin, Dé Máirt, 3 Meitheamh ag 7pm maidir leis an amhrán Grace, a bhfuil cáil mhór air in Éirinn agus níos faide i gcéin.
Baile Átha Cliathach go smior is ea Nic Liam atá ag scríobh filíochta agus ag aisteoireacht le tamall de bhlianta anuas. Dúirt sí go raibh cur amach aici ar an amhrán Grace ach nuair a rinne sí taighde ar an mbean féin, Grace Gifford go bhfuair sí amach go raibh i bhfad níos mó i gceist léi ná a caidreamh le Joseph Mary Plunkett.
Deir Nic Liam go bhfuil cáil idirnáisiúnta ar an amhrán seo toisc go bhfuil leaganacha éagsúla déanta ag leithéidí Rod Stewart dó agus ag an dornálaí Kellie Harrington freisin ach go gcloistear é minic ag seisiúin cheoil freisin.

D'fhás Gifford aníos i dteaghlach mheascaithe, Protastúnach ab ea a hathair agus Caitliceach a máthair ach tógadh an chlann mar Phrotastúnaigh in Rath Maonais.
'Níl san amhrán Grace ach píosa amháin de scéal Grace ina iomláine.'
Cé gur amhrán é Grace a dhéanann cur síos ar eachtraí Éirí Amach 1916, chuirfeadh sé iontas ar go leor daoine, Roxanna ina measc, gur scríobhadh é sa bhliain 1985.
Tá aithne ag an saol mór uirthi anois mar bhean Joseph Mary Plunkett a cuireadh chun báis mar gheall ar a ról in Éirí Amach na Cásca 1916. Deir Roxanna go bhfuil sé tábhachtach aithne a chur ar Grace ní hamháin mar bhaintreach Plunkett ach ar a son féin freisin. Ealaíontóir cumasach í agus tá cuid dá saothar fós le feiceáil ar bhalla i bPríosúin Chill Mhaighneann, áit a raibh sí féin i ngéibhinn sa bhliain 1917.
'Tá sé tábhachtach smaoineamh uirthi lasmuigh de scéal a fhir freisin'
an t-amhránaí Aoife Scott. Ní dhéanfar dearmad ar an gcaoi ar chan Aoife an t-amhrán mar chuid de cheiliúradh céad bliain RTÉ lena col ceathracha Danny Reilly agus Róisín O. Feicfear Domhnall Ó Bric, maisitheoir cáiliúil as Ciarraí, atá an-tógtha le saothar Grace Gifford
Féach ar Aistear an Amhráin, Grace, Dé Máirt, 3 Meitheamh ag 7pm ar RTÉ ONE