Labhair Sophie Ní Choimín ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin stailc ocrais a thosaigh sí ar son mhuintir Gaza.
Deir Sophie Ní Choimín, ceoltóir óg as Cill Dara atá ar stailc ocrais go dtí go n-achtófar Acht na gCríocha Gafa in Éirinn agus go dtí go mbeidh bia ag páistí Gaza. Tá muintir Gaza ag fulaingt mar nach bhfuil bia ag teacht isteach chucu agus dá réir, deir carthanachtaí go bhfuil leanaí óga i mbaol báis ann. Níl aon bhia ite ag Ní Choimín ón 11 den mhí seo.
Dúirt Ní Choimín go bhfuil sí 'ceart go leor' ach go bhfuil rudaí ag fáil 'níos deacra' agus go mothaíonn sí 'brain fog' agus go bhfuil sí ag casacht freisin. Labhair Ní Choimín faoin gcúis gur shocraigh sí dul ar stailc ocraic, luaigh sí na hionsaithe atá ag tarlú don aos óg ach go háirithe i nGaza. Tá go leor, leor tacaíochta faighte ag Sophie ón bpobal ón uair gur thosaigh sí ag diúltiú do bhia.
Tá Ní Choimín den tuairim go bhfuil sé go hiomlán náireach nach bhfuil Acht na gCríocha Gafa achtaithe ag an rialtas go dtí seo agus iad ag 'suí' air le seacht mbliana anuas, a deir sí.
Tá muintir Sophie buartha fuithi ach deir sí go mothaíonn sí go raibh gá leis an stailc ocrais seo mar go bhfuil cúrsaí chomh holc sa Phailistín. Tá eolas faoin stailc ocrais curtha ag Sophie chuig an rialtas, an Taoiseach agus an Tánaiste ina measc.