skip to main content

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Ag tús an tsamhraidh gach bliain, tagann na Gaeil le chéile le freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. I mbliana, beidh siad ag cruinniú i gContae na Mí idir Baile Átha Buí, Dún Doire, Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcroílár an aicsin, seo a leanas na cláracha a chloisfear thar an deireadh seachtaine fada.

Beidh cluichí ar siúl i mBaile Átha Buí, i nDún Doire, Ráth Chairn agus i mBaile Ghib inniu agus Comórtas Peile na Gaeltachta faoi lán tseoil. Beidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair ar feadh an lae ón 11 a chlog ar maidin go dtí go mbuailfear an cic dheireanach ar an liathroid tráthnóna. Beidh siad ag craoladh beo ón gcomórtas ar feadh an deireadh seachtaine.

With Comórtas Peile na Gaeltachta in full swing there will be games taking place in Baile Átha Buí, Dún Doire, Ráth Chairn and Baile Ghib today. The RTÉ Raidió na Gaeltachta sports team will be broadcasting from 11am Saturday morning until the last ball is kicked that evening. They will be broadcasting live from the Comórtas Peile for the entire weekend.

Dé Sathairn 31ú Meitheamh / Sat 31st May 11.00am

Beidh cluiche ceannais idirmheánach na mban ar siúl inniu mar aon le cluichí leathcheannais sinsir agus sóisir na bhfear. Beidh cluichí leathcheannais sóisir na mban ar siúl freisin agus beidh an t-aicsean uilig le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith an lae.

The ladies intermediate final will take place today, as well as the semi-finals for the senior and junior men's teams. The semi-finals in the junior ladies football competitions take place today also and all the action can be heard live on RTÉ Raidió na Gaeltachta throughout the day.

Dé Domhnaigh 01ú Meitheamh / Sun 01st June 12.15pm

Cuirfear clabhsúr le Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn inniu agus beidh an t-aicsean uilig beo ag foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta. Imreofar cluichí ceannais sóisir agus sinsir na mban agus na bhfear.

The Comórtas Peile na Gaeltachta tournament comes to an end in Ráth Chairn today, and the RTÉ Raidió na Gaeltachta team will have all the action throughout the day. The ladies and men’s junior and senior finals take place today.

Dé Luain 02ú Meitheamh / Mon 02nd June 10.00am