Tháinig duine de na haisteoirí is cumasaí le chéile le duine de mhór scríbhneoirí na drámaíochta Gaeilge le chéile le dráma dúghrinn nua a chur faoi bhráid an lucht éisteachta.
Dráma dúghrinn nua é seo ó pheann Mhic Con Iomaire faoi theaghlach a chuirtear trí na chéile agus duine acu i mbaol a bháis gan choinne. I measc na n-aisteoirí atá le clos sa léiriú seo, tá Sorcha Ní Chéide, Bríd Ní Neachtain, Colm MacDonncha agus Eoin Ó Dubhghaill.

Insítear ann scéal Frank, fear a thit de dhíon an tí agus atá i gcóma agus siondróim iniata air. Cloistear chuile shórt mar a chloiseann Frank é – na comhráite a bhíonn ag a mhuintir ina thimpeall, caint na n-altraí agus na dochtúirí – agus gan a fhios ag na daoine eile sa seomra gur féidir le Frank iad a chloisteáil.