skip to main content

What did the Normans ever do for us?

Darragh Ó Caoimh agus Caoimhe Ní Laighin
Darragh Ó Caoimh agus Caoimhe Ní Laighin

Scríobhann Darragh Ó Caoimh, tuairisceoir le Fóram faoi 'Bliain na Normannach' atá ag cothú conspóide i dTeach Laighean.

Thug an rialtas a mbeannacht Dé Máirt do mholadh go nglacfadh an Stát páirt in "Bliain na Normannach – Pobal Eorpach" a bheidh á reachtáil in 2027, cinneadh atá "maslach" dar le cuid de lucht an fhreasúra. Togra é seo atá ar na bioráin ag rialtas réigiúnach na Normainne i dtuaisceart na Fraince chun oidhreacht na Normannach a chomóradh, míle bliain ó saolaíodh Uilliam Concaire sa dúiche sin. Cad chuige an bús go léir faoin scéal?

Cérbh é Uilliam Concaire?

Rinne an Rí Uilliam concas ar Shasana lena bhua cáiliúil ag Cath Hastings in 1066, agus tá a shliocht agus sliocht a shleachta i gcoróin i Sasana ó shin. Rinne na Normannaigh céanna seo ionradh ar Éirinn sa bhliain 1169 ach a bhfuair siad cuireadh ó Dhiarmait Mac Murchadha, a raibh cabhair á lorg aige ó chaill sé ceannas Chúige Laighean. Is é seo an eachtra a chuir tús le réimeas Shasana sa tír.

Cén comóradh atá á reachtáil?

Na tíortha is na limistéir éagsúla san Eoraip inar leathnaigh na Normannaigh, tá cuireadh tugtha ag réigiún na Normainne dóibh páirt a ghlacadh sa bhliain seo ina ndéanfar oidhreacht na Normannach ar fud na ilchríche a iniúchadh agus a thabhairt chun cuimhne. Ón Iorua lastuaidh go dtí deisceart na hIodáile laisteas, agus Sasana agus Éire san áireamh gan dabht, is iomdha sin ball inár scaip an dream seo. Tá súil ag an rialtas go gcuirfidh an togra comórtha seo lenár dtuiscint ar oidhreacht na tíre agus go dtacóidh sé le cúrsaí turasóireachta.

Cén oidhreacht a d'fhág na Normannaigh in Éirinn?

Caisleáin, sloinnte, deoisí agus coiníní: sin cuid den oidhreacht a d’fhág Normannaigh ar nós Strongbow le huacht againn. Tá "idir mhaith agus olc" ann i dtuairim Alan Titley, scríbhneoir agus scoláire, Ó na Normannaigh a tháinig sloinnte ar nós "Butler" agus "Mac Gearailt", thug siad isteach athruithe móra maidir le riaradh na Eaglaise agus aontumha na cléire, agus d’fhágadar árais bhreá ina ndiaidh ar nós Chaisleán Bhaile Átha Troim, an daingean Angla-Normannach is mó in Éirinn. Ach lean go leor foréigin agus marú na concais a rinne na Normannaigh freisin, is níor mhór dúinn a n-oidhreacht a scagadh "go scoláiriúil [agus] go hoibiachtúil" agus aghaidh a thabhairt ar thorthaí an iniúchta sin, a deir Titley.

Cén fáth a bhfuil sé conspóideach?

Measann Sinn Féin go bhfuil an méid atá beartaithe "maslach". Dúirt urlabhraí Gaeilge Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir an pháirtí Aengus Ó Snodaigh TD gur "rí Gallda é Uilliam Concaire nár leag cos ar thalamh na hÉireann riamh" agus mhaígh sé nach ndearna an rialtas a chómhaith d’ómós ná onóir a thabhairt d’aon phearsa tábhachtach Gaelach ónár stair fós. Míthuiscint agus dul amú atá ar Shinn Féin sa méid sin, a deir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta James Browne. D’éirigh na Normannaigh a tháinig anseo níos Gaelaí ná na Gaeil féin, a deir sé, agus féadfar "tairbhe eacnamaíoch agus sóisialta" a bhaint as an gcuimhneachán seo a dhéanfar ar bhealach "measúil stuama mar is dual d’aon chomóradh stairiúil".

Aengus Ó Snodaigh TD

Cén áit ar féidir liom níos mó a fhoghlaim?

Beidh an scéal seo á chur trí chéile ar Fóram, maidin Dé Domhnaigh ag 10:30am ar RTÉ1 agus ar an RTÉ Player. Tabharfaidh Alan Titley a thuairim uaidh ar na Normannaigh agus cúrsaí comórtha, agus ina dhiaidh sin beidh Aengus Ó Snodaigh TD (Sinn Féin) agus Naoise Ó Cearúil TD (Fianna Fáil) i mbun díospóireachta ar an ábhar beo sa stiúideo.

Craolfar Fóram ag 10.30 maidin Domhnaigh ar RTÉ 1 agus ar an RTÉ Player.

Féach siar ar Fóram ar an RTÉ Player anseo.