skip to main content

Beir Mo Dhúthracht: Traidisiún an Amhráin i gCorca Dhuibhne

Pádraig Ó Sé a chuirfidh an clár speisialta 'Beir mo Dhúthracht' i láthair, clár ina mbeidh roinnt d’amhránaithe Chorca Dhuibhne le clos ag rá cuid de na hamhráin is ansa leo nó amhráin atá bainteach lena gceantar dúchais.

Craolfar an clár Dé Domhnaigh an 25 Bealtaine ag 21:25 ar TG4. I mí Feabhra na bliana seo caite, tháinig roinnt d’amhránaithe na dúiche le chéile i dTigh an tSaorsaigh ar an mBuailtín chun amhráin agus amhránaithe a chuaigh i bhfeidhm orthu mar aon le foinsí cuid de na hamhráin sin a phlé. Pléifidh siad leis cuid de na hamhránaithe breátha a shín ar aghaidh an traidisiún agus atá imithe romhainn.

Sláine Ní Chathalláin a bheidh páirteach sa chlár

Páirteach sa chlár beidh Ciara de Mórdha, Éibhlín Ní Cheárna, Sláine Ní Chathalláin, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Noelie Ó Maoileoin agus Mossie Ó Scannláin agus iad i gcuideachta an láithreora, Pádraig Ó Sé ó Dhún Chaoin. Chomh maith leis sin, beidh roinnt taifeadtaí ón gcartlann le clos de Sheán de hÓra, Tomás Ó Mainín agus Tom Mhaurice Ó Súilleabháin, beannacht Dé leo. Más suim leat amhráin Dhúiche Duibhneach, seo é an clár duitse.

Beir Mo Dhúthracht, Dé Domhnaigh, 21.25 pm ar TG4