Tá scannánaíocht i nGaeilge ag dul ó neart go neart le scéalta iontacha chomh maith le spéis mhór léirithe ag an lucht féachana. Scríobhann Lára Ní Mhaoláin faoi na scannáin Ghaeilge is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthise.
Is iontach an rud é an fás suntasach atá le tabhairt faoi deara le blianta beaga anuas in úsáid na Gaeilge i bhfadscannáin a léirítear ar an scáileán mór. Le teacht Cine4 ar an bhfód sa bhliain 2019, tá borradh mór faoin scannánóireacht Ghaeilge a fhreastalaíonn ar an bpobal – in Éirinn agus go hidirnáisiúnta – a bhfuil fonn air teanga agus scéalta na nGael a chloisteáil agus a fheiceáil ar an scáileán mór. Léiríonn an éagsúlacht sna cineálacha carachtar, sna téamaí agus i gcur chuige na scannán gur féidir le scannánóirí teanga na Gaeilge a chur in oiriúint d'aon seánra agus gur teanga bheo bhisiúil í an Ghaeilge sa lá atá inniu ann. Seo a leanas cuid de na scannáin Ghaeilge is mó a chuaigh i bhfeidhm orm go dtí seo:
An Cailín Ciúin (2022):
Tugann an dráma cumhachtach seo, atá bunaithe ar leabhar de chuid Claire Keegan dar teideal 'Foster’ (2010), léargas cumasach ar chúrsaí grá agus ar theacht in inmhe. Nuair a thuigeann tuismitheoirí Cháit (Catherine Clinch), cailín óg naoi mbliana d’aois a bhfuil neart siblíní aici cheana féin, go bhfuil siad ag súil le páiste eile, cuirtear Cáit chuig lánúin muinteartha a bhfuil gaol i bhfad amach aici leo chun an samhradh a chaitheamh ar a bhfeirm iargúlta i bhfad ón mbaile. Feicimid an caidreamh a fhásann idir Cáit agus a tuismitheoirí altrama agus an chaoi a mothaíonn Cáit fíorghrá ina saol den chéad uair. Glacann a máthair altrama, Eibhlín (Carrie Crowley), léi go fonnmhar chomh luath is a thagann sí; ach tá caidreamh níos fuaire idir Cáit agus a hathair altrama, Seán (Andrew Bennett) ar dtús. Is ceann de bhuanna an scannáin é an léiriú a thugtar ar an gcaidreamh a fhásann idir Cáit agus Seán tríd síos. Líonann an cailín ciúin seo folús i saol a tuismitheoirí altrama, a bhfuil mac óg caillte acu, agus tugtar aire cheart agus grá gan choinníoll di den chéad uair ina saol.

Róise agus Frank (2022):
Tugtar léargas anamúil ar ábhar trom sa choiméide dhrámatúil seo ó pheann Rachael Moriarty agus Peter Murphy. Nuair a chailleann Róise (Bríd Ní Neachtain) a fear céile, Frank, fágtar in ísle brí í go dtí go dtagann madra anaithnid gan úinéir, is cosúil, chomh fada lena teach lá amháin. Cé go ndéanann sí gach iarracht an ruaig a chur air ar dtús, coinníonn sé air á leanúint agus ag teacht ar cuairt chuici sa teach go dtí go nglacann sí leis. Tar éis di aithne níos fearr a chur air, tuigtear di gurb é a fear céile athionchollaithe é agus cuireann sí fáilte roimhe sa teach agus ina saol. Imíonn a cuid bróin, tá cuspóir aici sa saol arís – aire a thabhairt do Frank, a fear céile i gcruth an mhadra bhreá gheanúil seo. Ceapann a mac, Alan (Cillian Ó Gairbhí) – dochtúir ciallmhar réasúnta – go bhfuil sí imithe go hiomlán as a meabhair, ach de réir a chéile, glacann muintir na háite le Frank agus tugann sé sólás agus spreagadh dóibh. Is scannán é seo a chuireann meangadh gáire ar an lucht féachana agus a thugann léiriú an-daonna ar an gcaoi a ndéileálann an bhaintreach seo le bás a fir chéile.

Fréwaka/Fréamhacha (2024):
Filleann Bríd Ní Neachtain ar an scáileán mór sa scannán uafáis seo a léiríonn tionchar bhás a fir chéile uirthi i slí an-éagsúil óna carachtar sa scannán Róise agus Frank agus a chuireann an spotsolas ar a réimse scileanna mar aisteoir. Tá an dorchadas agus an mhailís go mór chun tosaigh sa scannán seo a scrúdaíonn tionchar an bháis, an fhéinmharaithe, an ghalair intinne agus an tráma ó ghlúin go glúin ar an duine. Cruthaítear ceangal dobhriste idir í féin agus Shoo (Claire Monnelly), oibrí sóisialta a fhanann sa teach léi agus í ag teacht chuici féin tar éis di stróc a bheith aici. Tugann siad aghaidh ar na nithe dorcha a mhaireann in íoslach an tí le chéile, ach críochnaíonn an iarracht go tragóideach. Oireann úsáid na Gaeilge sa scannán seo go maith don léiriú ar an mbéaloideas agus an saol eile atá lárnach don phlota, agus léiríonn Aislinn Clarke, a scríobh agus a stiúir an scannán seo, gur féidir an Ghaeilge a chur in oiriúint do sheánra an uafáis.
Bring Them Down (2024):
Is scéinséir dorcha, drámatúil agus gruama é seo faoi dhá theaghlach feirmeoireachta, muintir Uí Shé agus muintir Uí Chaollaidhe a bhfuil cónaí orthu in aice láimhe. Feirmeoirí caorach is ea iad a bhfuil teannas agus naimhdeas eatarthu, a théann in iomaíocht lena chéile agus iad ag iarraidh airgead a shaothrú as caoirigh agus reithí a dhíol. Sa mhéid a leanann, feicimid an cogadh talún nó cogadh caorach a throideann an dá theaghlach in aghaidh a chéile agus an bhrúidiúlacht agus an t-uafás a bhaineann leis sin. Ní féidir an cogadh seo a bhuachan, i ndáiríre, agus ní éiríonn le duine ar bith an lámh in uachtar a fháil ar deireadh. Is scannán é a dhéanann léiriú cumasach ar an gcogaíocht áitiúil, ar easpa dóchais agus ar fhiántas an tsaoil san áit iargúlta seo in iarthar na hÉireann; agus trí úsáid a bhaint as meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla, léiríonn scríbhneoirí an scannáin (Chris Andrews agus Jonathon Hourigan) an teannas idir an seansaol traidisiúnta agus an saol nua-aimseartha go héifeachtach.

Kneecap (2024):
Is é Kneecap an fadscannán Gaeilge is déanaí atá feicthe agam, scannán a mheascann an ficsean agus an fhírinne chun cuntas a dhéanamh ar fhás Kneecap, grúpa hip hap conspóideach a bunaíodh i mBéal Feirste sa bhliain 2017 nuair a tháinig beirt rapálaithe óga, Mo Chara (Liam Óg Ó hAnnaidh) agus Móglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin), agus múinteoir meánscoile (DJ Próvaí (JJ Ó Dochartaigh)) le chéile chun ceol nua a chruthú – ceol a rachadh i bhfeidhm ar ghlúin óg nua agus a spreagfadh iad chun an Ghaeilge a labhairt. Tá an greann dorcha go mór chun tosaigh tríd síos agus éiríonn le Kneecap a theachtaireacht a scaipeadh tríd an ngeit a bhaint as an lucht féachana le radhairc a léiríonn mí-úsáid drugaí, foréigean, gnéas, agus teannas láidir idir pobail éagsúla i mBéal Feirste. D’fhéadfaí teanga na Gaeilge a aithint mar charachtar sa scannán seo agus troideann Kneecap go láidir ar a son. Mar a deir DJ Próvaí, ‘(is) ionann an Ghaeilge agus an Dódó deireanach, sáinnithe taobh thiar de ghloine istigh i zú áit éigin ... caithfidh duine éigin teacht isteach agus an ghloine a bhriseadh agus an Dódó a ligean saor le go mairfidh sí!’ Éiríonn go sármhaith le Kneecap an ghloine sin a bhriseadh ina smidiríní agus an Dódó a ligean saor sa scannán seo.