Inniu san Ardchathair a bhronnfar an KPMG Children's Book Award. Tá dhá leabhar i nGaeilge ar ghearrliosta na bliana seo. Labhair muid le duine de na húdair, Muireann Ní Chíobháin faoina spriocanna atá aici mar scríbhneoir don aos óg.
'Ba mhaith liom léitheoirí a chruthú' a deir Muireann Ní Chíobháin agus muid ag caint faoina cuid scríbhneoireachta do pháistí óga. D'aithin Ní Chíobháin go raibh suim léirithe ag go leor daoine Gaeilge a úsáid sa teach ach b'fhéidir nach raibh siad líofa go leor le tabhairt faoi leabhair chasta, fhoclacha ann. Tá spéis mhór ag Ní Chíobháin ní hamháin sa léitheoireacht ach sa léitheoir féin. Tá sí tiomanta do leabhair a chur ar fáil do pháistí ag gach aois agus gach cumas freisin.
Tá an leabhar atá ainmnithe don KPMG Children's Book Award in úsáid ag tuismitheoirí agus múinteoirí do pháistí atá néara-éagsúil toisc go dtugann sé aghaidh ar eispéaras atá dúshlánach do pháistí áirithe.
Tarraingíonn Ní Chíobháin óna saol féin le páistí óga. Rugadh a chéad mhac le linn na paindéime agus faoin am gur éirigh leo dul le bearradh gruaige a fháil dó, chonaic Ní Chíobháin go bhféadfadh a leithéid de thaithí a bheith iomarcach. Is as sin a tháinig Bearradh Gruaige d'Eoinín. Scéal tuisceanach é seo a aithníonn mbíonn an saol dúshlánach dúinn ar uairibh.Tugann an leabhar deis don léitheoir óg dul i dtaithí ar an méid a thiteann amach ag coinne gruagaire agus chomh maith le sin, tá siad in ann a bheith páirteach tríd na pictiúir. Tá sé tábhachtach go bhfeiceann an léitheoir óg féin iad sna scéalta seo, a deir sí.
Spreag leabhair ó thíortha eile do léitheoirí óga Muireann agus í ag smaoineamh ar cén chaoi le léitheoirí óga a chruthú. D'aithin sí go raibh leabhair spéisiúla á bhfoilsiú sa Fhrainc agus áiteanna eile a bhain úsáid as ceisteanna idirghníomhacha agus spreag sin í le sraith Eoinín, ina bhfuil 5 leabhar ann go dtí seo.
Cuireann na leabhair seo béim ar an bpáiste a bheith in ann an scéal a thiomáint, fiú mura bhfuil siad ag léamh go neamhspleách fós. Tá leabhair eile ceannaithe aici ón Áis nach bhfuil oiread agus focal amháin iontu a spreagann an léitheoir óg tabhairt faoin scéal a chumadh agus a insint as a stuaim féin.
Tá borradh mór faoi leabhair Ghaeilge do pháistí a deir Ní Chíobháin ach tá tuilleadh le déanamh ach go háirithe d'aoisghrúpaí atá níos sine, tá sé ar intinn aici peann a chur le pár do na déagóirí amach anseo.
Is féidir leat aithne a chur ar Eoinín agus a chuid eachtraí anseo
Bronnfar gradam KPMG Children's Book Award mar chuid den ILF Dublin.