skip to main content

Liosta Léitheoireachta an tSamhraidh le Naoise Dolan

Naoise Dolan, údar agus léitheoir
Naoise Dolan, údar agus léitheoir

Scríobhann an t-údar clúiteach Naoise Dolan faoina bhfuil ar a liosta léitheoireachta féin don samhradh. Liosta le háireamh é seo a chuirfidh fonn siopadóireachta orainn nó fonn póirseála sna leabharlanna muid ar fad.

An sprioc atá agam i mbliana ná caoga leabhar Gaeilge a léamh. Uaillmhianach go leor, a déarfá, ach léim níos mó ná sin i mBéarla. Ní déarfainn go díreach go bhfuilim ag foghlaim na Gaeilge: tá sí agam cheana féin, a bheag nó a mhór, ach tá mo chuid Gaeilge cosúil le súil leisciúil i gcomparáid le mo chuid Béarla. Mar sin ghlac mé leis: caithfidh mé na rudaí a dhéanamh i nGaeilge agus a rinne mé le blianta fada i mBéarla chun an sofaisticiúlacht chéanna a bhaint amach — an léitheoireacht san áireamh.

Seo roinnt de na leabhair a bhain mé sult astu le déanaí i nGaeilge, agus cúpla eile i mBéarla, do dhuine ar bith atá ag lorg moltaí don samhradh.

Leanaí Séanta — Celia de Fréine

Tháinig mé ar shaothar de Fréine ar bhealach aisteach: tríd an alt Béarla dá cuid faoin obair a rinne sí ar Ros na Rún ó thús an tsobalchláir. Bheadh an píosa féin thar a bheith spéisiúil d'aon duine a bhfuil suim aige sa Nua-Ghaeilge nó sa stair TG4 ó thús na naochaidí i leith. Is féidir é a léamh saor in aisce ar JSTOR má chruthaítear cuntas ansin.

Sin mar a chríochnaigh mé ag léamh na ndrámaí seo le de Fréine, chomh maith le dornán eile darb ainm Mná Dána. Ar ndóigh, is tionscadal níos ealaíonta iad na drámaí ná Ros na Rún, le coincheapa níos teibí i gceist. Ach tá an greann chéanna ann, an imirt idir Ghaeilge agus Béarla, agus an ábaltacht tabhairt faoi théamaí dorcha na hÉireann. Is minic a chuireann litríocht na Gaeilge fírinní áirithe in iúl nach bhfuil sé chomh héasca a labhairt faoi i mBéarla. Go pointe áirithe, baineann sé sin leis an teanga féin. Forbraíodh an Ghaeilge chun an chos ar bolg a phlé; forbraíodh an Béarla, go minic, chun í a cheilt. Is é lucht léitheoireachta na Gaeilge ná (a) muintir na hÉireann féin, agus (b) an dornán dílis eachtrannach a d’fhoghlaim an teanga mar gheall ar fhíorghrá don chultúr. Tá brú leanúnach ar scríbhneoirí Béarla — mé féin san áireamh — an cheist a chur orainn féin, fiú gan é a rá os ard: 'An dtuigfidh an domhan ar fad é seo?’ Is drámaí Gaeilge iad seo scríofa d’Éireannaigh féin agus do dhaoine a bhfuil dúil faoi leith acu sa tír. Bhain mé an-sult astu.

Celia de Fréine

Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File — Micheál Ó Conghaile a roghnaigh

Rogha iontach don té a bhfuil Gaeilge aige, ach nach bhfuil mórán cleachtaidh aige ar an léitheoireacht. Is féidir dán amháin a léamh gach maidin i gceann cúpla soicind. Mise, thosaigh mé ag léamh i nGaeilge le halt amháin ar Tuairisc gach lá; ní gá sprioc craiceáilte a leagan síos i dtús báire. Is minic níos fearr rud a roghnú a bhfuil a fhios agat go mbeidh tú ábalta é a chur i gcrích.

I mbun eagarthóireachta na bailiúcháin seo, rinne an Conghaileach sár-jab ag léiriú éagsúlachta na filíochta Gaeilge. Tá gach dán an-ghearr, ach seachas sin níl mórán i gcoiteann eatarthu, cé gur féidir téamaí áirithe a aithint i roinnt dóibh. Ba é an dán ba fearr liom ná ‘An Cat’ le Mairéad Ní Chonaola:

Dubh

ar leic na fuinneoige

Ag stánadh go dúthrachtach

Ar a scáil féin

Go rialta

Selfie!

Caithréim agus Tóir — Eithne Ní Ghallchobhair

Athléiriú de mhiotaseolaíocht na bhFiann atá ann, a chuir mé ag smaoineamh ar aistriúcháin Homer go Béarla le Emily Wilson. (Molaim iad duit freisin don samhradh, mura miste leat leabhar trom — sa chiall is liteartha — a thabhairt chuig an trá.) I mo thuairimse — mar dhuine a scríobh a thráchtas máistir ar Charles Dickens, agus a thug léacht ar Ulysses anuraidh i mBeirlín — ní chreidim gur gá na clasaicí a thréigean. Tá sé de cheart ag na mná an traidisiún seo a athchruthú, má tá suim againn ann. Léiríonn saothar Ní Ghallchobhair an méid seo. Tugann sí beatha spleodrach do na mná agus, rud nach dtuigtear go minic dar liomsa, tá sí in ann carachtair fir níos doimhne a chruthú díreach toisc go bhfuil lionsa feimineach aici. B’aoibhinn liom a teanga freisin. Níl aon eagla uirthi leas a bhaint as a saibhreas — ach ní gá di Gaeilge chasta a scríobh ar mhaithe leis an gcastacht í féin, sa chaoi a síltear uaireanta gur cuid bhunúsach den mhiotaseolaíocht í.

Mura bhfuil tú ar do chompord le leabhar lán-Ghaeilge a léamh, tá leagan dátheangach ar fáil de leabhar eile dá cuid: An Craiceann agus a Luach /Under Her Skin. Ach mise, fiú mura mbeadh focal amháin agam, cheannóinn an leabhar seo don chlúdach galánta.

Exophony — Yoko Tawada

Is claonta atáim, ós rud é gur scríobh mé an réamhrá don leabhar aistí seo. Foilseofar é i mBéarla an Meitheamh seo chugainn, aistrithe ón Seapáinis ag Lisa Hofmann-Kuroda. (Rud a thaitníonn liom sna meáin Gaeilge: ainmnítear níos minice an aistritheoir. Braithim go mbeadh fonn ar na meáin Béarla dearmad a dhéanamh go bhfuil teangacha eile ann, fiú.)

Le cois a cuid Seapáinise ó dhúchas, scríobhann Tawada sa Ghearmáinis a d’fhoghlaim sí mar theanga iasachta. Déantar plé sna haistí ar an eispéireas sin agus ar an taithí níos leithne a bhaineann le saol a chaitheamh idir teangacha éagsúla. An rud a thaitin liom ná seo: ní ghabhann sí leithscéal nach bhfuil Gearmáinis ó dhúchas aici. Ina tuairim féin, tá deis ann don scríbhneoir eachtrannach rudaí a fheiceáil nach bhfuil soiléir dóibh siúd a tógadh leis an teanga. Inspioráid iontach, mar sin, don té a bhfuil náire acu faoina chuid Gaeilge. (Haigh, mise Naoise.)

Memoirs of a Catholic Girlhood — Mary McCarthy

Is annamh a bhainim sult as neamhfhicsin ó thaobh stíle de. É sin ráite, scríobh Mary McCarthy an bheathaisnéis seo ar bhealach ní hamháin snasta, ach deisbhéalach, cróga — le Gotachas caolchúiseach san áireamh. Déanann sí cur síos ar saol na nÉireannach Meiriceánach sna 1920idí, sular tháinig an seantír ar ais sa bhfaisean. Aistear intleachtúil agus scríbhneoireachta atá ann: is teacht in aois mar smaointeoir atá i gceist. Ní rud eile iad na gnéithe a nglactar leo mar chuid dhoshéanta de scéal fáis cailín — buachaillí, gnéas — ach mionsonraí. Caithfidh mé a bheith cúramach anois: níl aon rud mícheart le scríobh faoi na hábhair sin. Ach is fiú freisin díriú ar thosaíochtaí eile, mar a rinne an McCarthaíoch. (Nó Máire Ní Chárthaigh, más mian leat í a Ghaelú i gceart. Is cinnte go mbeadh rud éigin le rá aici faoi sin.)