skip to main content

Fear óg fiosrach: Buaiteoir University Challenge

Labhair captaen fhoireann Christ's College Cambridge, Oscar Despard a bhuaigh University Challenge i mbliana ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhua.

Baile Átha Cliathach é Despard a bhí ar scoil i Raghnallach. Is léir óna chúlra oideachasúil go raibh rudaí maithe i ndán do Despard, mar bhí sé páirteach i ndíospóireachtaí i mBéarla, i nGaeilge agus i bhFraincís, chomh maith le bheith ina phríomhchinnire sa scoil. Anuas ar sin, bhain é comórtas an Eolaí Óg agus bhain sé 9 H1 amach san Ardteist.

Mhínigh Despard go raibh fíorshuim aige sna hábhair a ndearna sé staidéar orthu agus ghabh sé buíochas lena chuid múinteoirí a spreag é agus a thacaigh leis agus é ar scoil in Éirinn.

"tá an domhan mar rud fíorshuimiúil agus is breá foghlaim faoi na rudaí seo"

Bhí spéis riamh ag Oscar sa chlár teilifíse cáiliúil seo, ina óige, dúirt sé gur chaith sé am ag féachaint ar University Challenge lena mháthair agus bhain sé sult mhór as an tráth na gceist. Ag caint faoin ullmhúchán a rinne sé féin agus na baill eile a bhí ar an bhfoireann leis, dúirt sé gur fhéach siad siar ar cuid mhór cláracha chomh maith le liosta mór d'ábhar a chur i dtoll a chéile a d'fhéadfadh teacht aníos.

Tá Despard anois i mbun staidéir anois sa bhitheolaíocht mhóilíneach in Christ's College, Cambridge agus tá a chroí san ábhar sin, a deir sé.