skip to main content

3 imeacht iontach i nGaeilge ag ILF Dublin

Roxanna Nic Liam, údar.
Roxanna Nic Liam, údar.

Mar chuid den Fhéile Litríochta Idirnáisiúnta atá ag tarlú san Ardchathair an deireadh seachtaine seo, beidh imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha freisin.

Féile spleodrach í an ILF Dublin gach bliain a tharlaíonn i gcroílár na cathrach i gCearnóg Mhuirfean. Tagann údair agus léitheoirí le chéile le labhairt ar leabhair agus litríocht agus gach a théann leo ó chumadóireacht chruthaitheacht go polaitíocht an lae inniu.

I mbliana, reachtálfar neart imeachtaí ilghnéitheacha i nGaeilge nó go dátheangach mar chuid den fhéile. Léiriú iad na himeachtaí ar an bhfuadar atá faoin teanga i réimse na n-ealaíon i láthair na huaire.

Gal-gáireach: Comedy as Gaeilge

Ciallaíonn dhá theanga dhá oiread gáirí!Bígí le scoth na mná grinn, Síomha Hennessy, Louise O' Toole, Louisa Ní Eideáin agus bean an tigh Aideen McQueen d’ard oíche scleip agus gáire i Béarla agus i nGaeilge.

Beo ar Éigean 3 x 15

Roxanna Nic Liam, Majella Ní Dhomhnaill & Eoin P. Ó Murchú with Siún Ní Dhuinn

Poetry, chats and storytelling as Gaeilge in this live podcast recording of the popular Beo ar Éigean show. Each of Siún Ní Dhuinn's special guests will perform and chat with her about their work. Each guest has fifteen minutes – so make sure you don’t miss a second!

Eoin P Ó Murchú

Do léitheoirí óga

Máire Zepf: Míp agus an Misean go Mars

Éist le Máire Zepf inis an scéal iontach seo agus mínigh cúlra an tsaoil mhóir taobh thiar den leabhar. Glac páirt i ndúshlán teanga agus muid ag foghlaim teanga na heachtraíochta! Oireann an ócáid seo do leithéoirí óga 7 mbliana agus níos sine.

Má tá tuilleadh eolais uait maidir le himeachtaí na féile anseo