Bhí an t-amhránaí Sexy Tadhg ar an gclár Pé Scéal É ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí le labhairt faoina aistear ceoil go dtí seo agus iad ag ullmhú le dul ar chamchuairt timpeall na tíre.
Amhránaí agus ceoltóir ó Cheatharlach ó dhúchas is ea Sexy Tadhg atá ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Tá siad díreach fillte ó chamchuairt idirnáisiúnta leis an mbanna The Mary Wallopers. Dúirt siad gur thug an turas deis dóibh a gcuid cheoil a chur os comhair na sluaite daoine.
Ceoltóir comhaimseartha is ea Sexy Tadhg a thosaigh amach mar cheoltóir traidisiúnta, leis an bhfidil agus chaith seal ag casadh sean-nóis freisin. Chas siad a leagan féin de Casadh an tSúgáin do Mháire Treasa ar Pé Scéal É, labhair siad faoin tábhacht a bhaineann leis an gcos amháin atá aige sa cheol traidisiúnta, cé go bhfuil stíl comhaimseartha s'acu féin aimsithe acu.

Labhair siad faoin gceol agus faoin ealaíon mar bhealach le haithne níos fearr a chur orthu féin. Mhínigh siad gur thug an chumadóireacht ceoil deis dóibh topaicí a phlé ar a dtéarmaí féin don chéad uair. Labhair Sexy Tadhg faoin éagsúlacht ceoil a thaitníonn leo agus a gcúlra ceoil, ó cheol an Aifrinn go Cheryl Cole agus Lady Gaga.
Tá cáil ag Sexy Tadhg as caighdeán a gcuid léirithe chomh maith leis an gceol. Ó éadaí áille go smideadh cumhachtach, deir siad go bhfuil tionchar 'ollmhór ag an stáitsiú ar an gceol'.
Beidh Sexy Tadhg agus a mbanna ceoil le feiceáil ag Féile na Gealaí i mbliana i nGaeltacht Rath Chairn. Is féidir iad a fheiceáil freisin i mí na Samhna san Academy i mBaile Átha Cliath.