Cé go bhfuil an Ghaeilge ag athrú de shíor, tá traidisiún láidir na filíochta fós láidir inti. Athraíonn stíl na filíochta de réir mar a athraíonn an teanga agus an domhan ina maireann an teanga freisin.
Le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Filíochta, seo file atá ag treabhadh a goirt féin i réimse na filíochta comhaimseartha. Éiseamláir iontach í Laoighseach Ní Choistealbha ar an bhfilíocht nua-aoiseach seo. Téann sí i ngleic le hábhar íogair gan eagla agus cuireann sí síos ar aistear na mban lena gcoirp féin ar bhealach atá álainn ach a bhainfidh preab asat. Ta macallaí ann de na banfhilí a chuaigh roimpi, Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill a scríobh faoina dtaithí féin mar mhná freisin.
I gcnuasach aoibhinn Uí Choistealbha a d'fhoilsigh Barzaz, téann Ní Choistealbha i ngleic le banúlacht, na dúshláin a bhaineann le corp na mban chomh maith leis an ngrá agus téamaí eile. Dánta cumhachtacha iad seo a bhainfidh steangadh as an léitheoir agus a chuirfidh ag smaoineamh iad. Cad eile a bheadh uait ó chnuasach filíochta?
Seo dán amháin a sheas amach ón gcnuasach domsa.
Samhradh
Is féidir na bláthanna ar fad a ghearradh siar,
ach ní féidir bac a chur ar theacht an tsamhraidh- luaite go minic le Pablo Neruda
Achan ribe a phéac
ó chraiceann caoin
in earrach
na banúlachta,
réab sí amach é
le rásúr
le ceimicí
le snáithe
le pionsúir.
Stróic sí amach an clúmh
a thug nod don eolach
gur mamach
ag teacht in aibíocht
a bhí inti.
Ghearr sí siar
achan athfhás
ach ní raibh sí in ann
an samhradh
a chur ar ceal.
Is féidir cóip den chnuasach Solas Geimhridh a cheannach anseo.
Tá Poetry Day Ireland ar siúl Déardaoin, 1 Bealtaine. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi anseo