skip to main content

Ardteisteméireacht á mhúineadh anois ar TikTok

Tá séasúr na scrúdaithe - an cúigiú séasúr - ag druidim linn go tapaidh agus mic léinn na tíre ag lorg nodanna agus cleasanna breise staidéir agus iad ag iarradh an lámh in uachtar a fháil ar an deabhail léinn.

More and more of these students are using TikTok to access free practical and relatable advice from the growing community of qualified educational teacher creators on the platform.

The #LeavingCert hashtag alone has racked up over 54,000 posts showing just how central the platform has become in exam prep.

Idir Mata agus Gaeilge, Bitheolaíocht go Stair, tá na múinteoirí TikTok seo ag iompú an réiteach seana-bhunaithe scrúdaithe ina ndeis foghlama lán-spraoi, tógálach a shéideann brí sa churaclam trí físeáin ghearr-thréimhse a nascann leis an nglún comhaimseartha digiteach.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le beirt mhúinteoir Gaeilge, as an líon mhór múinteoir ábhair éagsúla, atá ag teacht i gcabhair ar dhaltaí Ardteiste atá ag lorg bealaí difriúla na nathanna cainte, foghraíocht agus foclóir Gaeilge acu a neartú.

Is é @gaeilge_bheo an handle atá ag Eimear Fitzpatrick.

Bhfuil an modh múinte seo tré TikTok le feiceál ar a gcumas labhartha Gaeilge?

"Is acmhainn iontach úsáideach é TikTok chun Gaeilge a chur chun cinn i measc na ndaoine óga. Caitheann déagóirí go leor ama ar na haipeanna cosúil le TikTok agus Instagram agus ba chóir dúinn ábhair oideachasúla a shóláthar dóibh mar mhúinteoirí."

"Caithfimid an deis a thapú chun leas a bhaint as na meáin shóisialta agus iad a úsáid chun cabhrú leis na daltaí atá i mbun staidéir faoi láthair. Tá tionchar mór millteach ag TikTok ar dhaoine óga agus is gá dúinn an tionchar sin a aithint, agus é a úsáid chun cur lena gcaighdeán Gaeilge."

Eimear Fitzpatrick @gaeilge_bheo

"Taispeánann Gaeilgeoirí ar na meáin shóisialta gur teanga bheomhar í an Ghaeilge agus go bhfuil go leor daoine ag baint úsáide aisti ina saolta laethúla. Cloiseann siad focail nua, a chuireann lena stór focal féin agus tagann feabhas ar a gcuid Gaeilge de bharr."

"TikTok is an incredibly useful resource to promote Irish among young people. Teenagers spend a lot of time on apps like TikTok and Instagram, and as teachers, we should provide educational materials for them. We must seize the opportunity to take advantage of social media and use it to help students who are currently studying."

"TikTok has a huge influence on young people, and we need to recognize that influence and use it to improve their standard of Irish. Irish speakers on social media show that Irish is a vibrant language and that many people use it in their daily lives. They hear new words, which add to their own vocabulary, and their Irish improves as a result."

Nach dtógann sé ón eispéireas ranga?

"Cuireann TikTok leis an eispéireas ranga mar is féidir le daltaí dul i dtaithí leis na canúintí éagsúla atá againn in Éirinn, agus taitneamh agus tairbhe a bhaint as an nGaeilge taobh amuigh den seomra ranga."

"Táimid teoranta ag an gcuraclam ar scoil agus ní fhaighimid a ndóthain ama le daltaí le linn na seachtaine, toisc go mbíonn amchláir lán acu, líonta le hábhair dhifrúla. Nuair a théann siad abhaile is rud iontach é go bhfuil níos mó ábhair i nGaeilge ar fáil dóibh chun snas a chur ar a gcuid scileanna."

"TikTok enhances the classroom experience as students can become familiar with the different dialects we have in Ireland, and enjoy and benefit from Irish outside the classroom."

"We are limited by the curriculum at school and don't get enough time with students during the week, as their timetables are full, filled with different subjects. When they go home, it's wonderful that more Irish-language material is available to them to polish their skills."

Nach bhfuil tú buartha go gcuirfidh AI tú as do phost amach anseo?!

"Úsaideann a lán daltaí AI chun cabhrú leo lena gcuid staidéir na laethanta seo, ach níl aon imní orm go mbeidh mé curtha as mo phost mar gheall ar an nuatheicneolaíocht atá ag teacht chun cinn sa lá atá inniu ann. Is féidir le AI rudaí iontacha a dhéanamh, ach tá saineolaithe fós riachtanach chun teanga a fhoghlaim agus scileanna a chleachtadh."

"Faoi láthair, níl AI cruinn maidir leis an nGaeilge, agus is léir do mhúinteoir nuair a bhraitheann daltaí ar AI, mar gheall ar an méid botúin atá le feiceáil ina gcuid oibre. Ní féidir le AI ceisteanna a fhreagairt, scéalta a insint agus comhairle a thabhairt mar fhíordhuine."

"Tá níos mó ná eolas ag teastáil chun foghlaim fiúntach a dhéanamh. Is rud luachmhar iad na caidrimh a dhéanann múinteoirí lena gcuid daltaí, agus an tacaíocht agus spreagadh a thugann siad dóibh gach lá."

"Many students use AI to help with their studies these days, but I'm not worried about being put out of my job because of the emerging technology in today's world. AI can do amazing things, but experts are still essential for learning a language and practicing skills."

"Currently, AI is not accurate regarding Irish, and it's obvious to a teacher when students rely on AI, because of the number of mistakes visible in their work. AI cannot answer questions, tell stories, and give advice like a real person."

"More than just knowledge is needed to make worthwhile learning. The relationships that teachers build with their students, and the support and encouragement they give them every day, are valuable."

Múineann Siobhán, fén handle @gaeilgevibes.

Cén fáth gur smaoinigh tú ar TikTok a úsáid?

"Smaoinigh mé ar Tiktok a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a roinnt le pobal níos leithne. Taitníonn leagan amach an aip liom chomh maith."

"I thought about using TikTok to promote Gaeilge and to share it with a wider audience. I like the layout of the app also."

Siobhan @gaeilgevibes

Cén buntáiste atá ann TikTok a úsáid?

"An buntáiste ná an t-algartam. D'fhéadfadh duine ar an taobh eile den domhan a bheith ag breathnú ar d’fhíseáin. Is breá liom na haisclibeanna freisin. Tá sé an-éasca do phobal féin nó ábhair a bhfuil suim agat iontu a aimsiú má dhéanann tú cuardach ar #gaeilge, mar shampla."

"Tá níos mó ná aon mhilliún radharc ar ábhair a bhaineann leis an nGaeilge faoi láthair ar an aip."

"The advantage is the algorithm. A person from the other side of the world could be watching your videos. It’s very easy to find your community or topics you are interested in if you search #gaeilge, for example. There is more than one million views on Irish language content at present on the app."

Bhfuil na daltaí á úsáid?

"Tá, go deimhin. Is fearr leo Tiktok thar aon aip eile."

"Faighim ceisteanna uathu anois is arís ar an aip. Is acmhainn iontach é Tiktok sa chaoi go bhfuil daltaí in ann múinteoirí nó cainteoirí dhúchais a leanúint agus eolas nua a fhoghlaim gan mórán dua nuair a bhíonn siad ag scrolláil."

"Tríd an aip, is féidir leo an Ghaeilge a fheiceáil mar theanga bheo taobh amuigh den seomra ranga, an rud is tábhachtaí."

They prefer Tiktok over any other app. I get questions from them now and again. Tiktok is a great resource in the way that students can follow teachers or native speakers and learn new information without much effort when they are scrolling."

"Through the app, they can see that Irish is a living language outside of the classroom, the most important thing."