skip to main content

Seanfhocail mar chrainn taca don ísle brí

Seanfhocal mar chabhair dóibh siúd in ísle brí nó ag fulaingt
Seanfhocal mar chabhair dóibh siúd in ísle brí nó ag fulaingt

Teiripeoir agus garraíodóir iomlánaíoch is ea Fiann Ó Nualláin a úsáideann seanfhocail le cabhrú leo siúd atá ag fulaingt lena meabhairshláinte.

Tá leabhar éagsúla foilsithe aige a dhíríonn ar mar is féidir linn plé leis an saol ar bhealach go bhfuil smacht againn ar an síor-bhrú agus ar an imní. Conas díriú ar folláine corp agus anam an chomhairle a thugann sé.

Mar gharraíodóir tá tuiscint agat ar an gceangal atá ag na seanfhocal againn le tréith talún agus an dúlra; creideann tú gur leighis agus tacaíocht dhearfach í an gharraíodóireacht, mar shampla, don mheabhairshláinte?

"Ceart, tá dhá chuid leis sin. An chéad píosa ná gur tír talmhaíochta a bhí ionainn. Táimid fós ach ba feirmeoirí go príomha sinn chomh fada leis na 1950daí agus 1960daí. Mar sin b'iad an talamh agus an dúlra na pointí thagartha a bhí I gcónaí ann."

"Tá sé fuirist, ansin, má roghnaíonn tú seanfhocal ar nós 'Ní bheidh sé ag fearthainn i gcónaí’ – ní hé gur gá duit na héadaí a chur amach nó a leithéid ach gur deis atá ann má tá tú fé bhrú nó imní ort fé rud éigin, coinnigh ort, a rá. Athróidh sé seo agus aithneoidh tú an pátrún."

Fiann Ó Nualláin [Pic: Mercier Press]

"Tá cur amach againn ortha seo, ciorcail an tsaoil. Coinnímid orainn chun an fheirm a choinneáil ag dul, chun na barraí a bhailiú in am. Cloímid, mar shampla, le feilte éagsúla na bliana, ócáidí gur cuimhneacháin talmhaíochta iad."

"Imbolc, nuair a thagann Bríd anuas agus a cos a chur i srutháin an Gheimhreadh leis an Earrach a mhealladh isteach. Sin meabhrú duit na síolta a réiteach lena cur. Samhain, sin í an uair go dtagann na beithíoch anuas ón bhféarach Gheimhridh. Tugaimid aird an dtalún, tugaimid aird ar na heilimintí agus an aimsir. Cuid iad dár gcóras maireachtála iad, conas teacht slán."

"Mar sin tá ‘Sunshine Follows Gloom’, 'Teas Gréine is gar do dhubhadh', mar shampla dírithe ar a thuiscint go n-ardóidh na néalta, na scamaill sin uait, tiocfaidh sonas nó soilíos nó faoiseamh mheana athuair. Ní seo mar a bheidh tú i gcónaí. Tabhair fé deara an nath ‘Tá brón orm’ – ‘the sadness is upon me’ – if it’s only on me, then I can take it off."

"Ach sa Bhéarla, mar shampla, ‘I am depressed’ – tá an bhrí ansin go bhfuil tú mar sin go hiomlán, gurb shin tusa, gurb shin iomlán do dhearcadh ar an saol. Ach má tá an bhrón, nó an depression sin ort, níl ann ach rud atá ag gluaiseacht tríot, nó gur cóta atá ann atá á chaitheamh agat tamall, ar féidir a bhaint díot."

"Uaireanta, is saghas cóta armtha é an doilíos sin, an ísle brí, a chuireann tú ort mar go bhfuil do sháith agat den saol, go bhfuil tú traochta leis. Sé an bealach a n-iompraíonn do mheoin tú id ghráinneog – dod chasadh isteach ort féin mar chosaint ar an imní nó an mbrú, go dtí go bhfuil an brú sin imithe. Ach uaireanta, dearmadaimid an cóta a bhaint nuair atá an brú imithe agus a aithint go bhfuil an ghrian ann arís agus go bhfuil sé alright bheith sona agus dearfach arís."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Fiann Ó Nualláin, Rachael Lee agus Conor O'Brien ag caint ar an ciúine inmheánach i 2020.


"Tig linn ligean don droch-eispéaras sin imeacht le sruth, níorbh ann ach seal."

Mar sin tá 52 seanfhocal roghnaithe agat a chabhróidh le daoine teacht trín tráma, trén mbrón?

"Sin é. Tá an leabhar ar fad dírithe ar conas do mheoin agus do dhearcadh a athrú. Cloisimid go leor fé 'neuroplasticity' nó ‘rewiring the brain’ agus conas mar is féidir leat an amygdala a spreagadh. Tá cuid de sin sa leabhar agam mar go bhfuil mé tógtha go mór leis sin, an taobh eolaíochta de agus mar a fheidhmíonn sé."

"Ach fiú leis sin, cuimhnigh ar an seanfhocal ‘A fine day is a help to everybody’, 'Is maith an cúnamh an lá breá'. Is fíor seo, toisc an tonnfhaid ghorm atá amuigh ansin a chabhraíonn linn serotonin a chruthú. Feidhmíonn sé ar an bhfaireog phiotútach an serotonin (an ‘happy hormone’) a scaoileadh."

"Mar sin má tá an spéir ghorm braithimid sona. Agus dar ndóigh goileann neamhord mothachtálach séasúrach ar go leor Éireannach ó Mhí Mheán Fómhair agus ciorrú na laethanta agus teacht an dorchadais bíonn daoine pas beag níos cantalaí, níos gruama. Ithimid níos mó bídh ina bhfuil go leor siúcra iontu mar go bhfuil an corp ag lorg an tryptophan, bealach eile le serotonin a ghiniúint. Toisc nach bhfuilimid á fháil ón ngriain táimid á lorg ó foinsí bídh."

"Go stairiúil bhí baint ag an nGorta Mór leis an dúlagar, agus le treisiú na heispéireas ag daoine ar bheith in ísle brí le scaipeadh na creideamh Chríostaíochta, go pointe, freisin. Roimis sin ní raibh mórán de nóisean ar an gCionta agus ar an íobairt ach tá baint aige leo sin chomh maith. Bhí éisc a ithe ag daoine, a ghineann serotonin freisin mar aon leis na endorphins dearfacha, ach cheangal an Chríostaíocht na héisc le bídh na haithrí."

"Tagann fás eile ann le himeacht na Gaeilge agus ár gcasadh ar an mBéarla. Dá bharr sin chailleamar ainmneacha na luibheanna agus plandaí agus an tuiscint a chuaigh leo, Chailleamar an taithí agus an t-eolas ar bhídh a fháil sna cliathacha agus bheith ag sealgaireacht agus ag lorg foráiste na coillte. Mar shampla, tá an tuiscint againn ar cad iad na muisiriúin dhonna a tháirgeann an chineál céanna vitamin D a fhaighimid ón ngrian, caillte."

"Mar a bhí á rá againn ag tús maidir leis an nasc leis an dtalún, dá rachfá suas ar an gcnoc ar Dhomhnach na bhfraochán thuig tú gur deis a bhí ansin bheith i measc phobal an pharóiste. Bhí tú i measc do threabh, fíor shóisialta. Agus bhí na hÉireannaigh go maith ag coineál na traidisiúin – laethanta pátrún agus eile – ag imeacht. San aimsir ina bhfuilimid anois, ní ga ach 'swipe' nó ‘clic’ a dhéanamh le teacht a bheith agat ar rud ar bith, agus ní fhágann daoine na tithe. Ar an mbóthar agamsa, cloigíní dorais a chloiseann tú an lá ar fad agus ceapairí nó caifé dá seachadadh ón siopa ar an gcoirnéal. Nach rachfá amach agus siúl ann agus bualadh le duine éigin agus comhrá a bheith agat leo?"

Tá 52 Proverbs to Fight Depression and Trauma, foilsithe ag Mercier Press.