Tugann an tIar-Cheannfort Airm, Frank Reidy, a léirmheas dúinn ar lámhleabhar airm a foilsíodh i 1917. Ba do thearmaí míleata agus taicticí bunúsacha na gcoisithe a táirgeadh é 'i gCuimhne ar na Gaedhil do thuit i gCogadh na Cásca'.
Is rí-annamh a thagann tú ar seod staire chomh luachmhar le 'Slí na Saoirse'- Leabhar Drille dÓglaig na hÉireann' a d'eisigh Comhairle na nÓglach sa bhliain 1917. Is lámhleabhar airm atá ann do thearmaí míleata agus taicticí bunúsacha na gcoisithe. Ina réamh-fhocal scríobhann an t-údar, faoin ainm cleite Aodh Ruadh, gur fearr na tearmaí míleata i nGaeilge ná i mBéarla. Admhaíonn sé cúnamh ó 'Fhiachra Éilgeach (Risteard Ó Foghludha 1871 - 1957) agus Piaras Béaslaí (1881 - 1965) agus tá an lámhleabhar 'i gCuimhne ar na Gaedhil do thuit i gCogadh na Cásca'.

Go dtí an lá atá inniu ann tá cuid mhaith do na téarmaí céanna a leagadh síos sa lámhleabhar seo fós in uasáid cé gur athraigh druil choise agus airm thar na mblianta.
Ó chearnóga na mbeairicí anseo in Éirinn cloistear fós na tearmaí ar nós 'buíon', 'rang', 'greadaigh fuibh' (mark time), 'tairgigh' (present). Is ceangal nach beag iad le céad glún Óglaigh na hÉireann.
Dár ndóigh tá a lán eile sa lámhleabhar imithe i léig ón sean aimsir ar nós druil an píce, comharthú an da bhrat (semaphore) agus cód Mhórsa (Morse code) maraon le teagasc do lucht roth agus ról an lorgaire (tracker). Maidir leis an píce mínítear go dteastódh an píce (fada nó gearr) 'chun thabhairt fé coisithe i sráideanna'. Dár ndóigh tá 'cleasa beaignit' sa lámhleabhar nach bhfuil fós as feidhm.
Léirionn an lámhleabhar seo go raibh na hÓglaigh, théis Éirí Amach na Cásca, díograsach agus fadbhreathnaitheach agus an fócas acu ar thraenáil agus a bhféiniúlacht. Bhí a gcuid éide airm agus suaitheantas deartha le bheith sainiúil agus difriúil ó arm na himpireachta. Thuigeadar go gcaithfí a léiriú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta nach raibh misneach caillte agus má bhí an cath caillte ní raibh an cogadh caillte agus cuid mhaith do cheannaireacht na gluaiseachta marbh nó i ngéibheann.

Ba í an ghaeilge ceann do mhór aitheantóirí uathúla a bhí le cur chun cinn sna blianta théis 1916 cé go raibh neart tosaíochtaí eile le sarú. Bhí spás ar a gclár oibre don teanga náisiúnta agus Slí na Saoirse curtha i gcló.
Dár ndóigh ba chomhpháirtíocht gluaiseacht na poblachta agus bhí ról ag an iomad eagrais sa ngluaiseacht idir Conradh na Gaeilge, Cumann na mBan, an t-Arm Cathartha agus na ceardchumainn.
Bhí ról faoi leith ag Piaras Béaslaí sna hÓglaidh agus sa gConradh.
Sna blianta théis 1917 foilsíodh dhá eagrán breise do Shlí na Saoirse, ceann i Márta 1918 agus ceann eile i Meitheamh na bliana céanna. Bhí sléacht cogaíocht na dtrinsí ag leanacht ar aghaidh. Bheadh Óglaigh an hÉireann ag díriú ar threallchogaíocht le luíocháin agus ag seachain mór-oibríochta le dul i ngleic le arm na Breataine. Tá tagairtí do lorgaireacht sa lámhleabhar seo ábharach maraon le géarú scileanna muscaedaíochta agus mion-teacticí.
Leanadh le foilseacháin do théarmaí míleata i nGaeilge théis ceannródaíocht an lámhleabhair seo. Eisíodh eagráin in 1953, 1969 agus i 2006. Tá an eagrán ó 2007 ina fhoclóir cuimsitheach agus ina leabhar tagartha do chách. Anois tá léargas níos leithne agus níos cruinne againn ar chúlra an scéil ó 1917 agus Slí na Saoirse os ár gcomhair.