Is scannán uafáis é Fréwaka atá fréamhaithe i dtraidisiún miotaseolaíochta agus i mbéaloideas na hÉireann.
Is ó pheann Aislinn Clarke (The Devil's Doorway (2018)) agus faoina stiúir a léirítear an scannán, a dhíríonn ar bheirt bhan, Peig (Bríd Ní Neachtain, Róise & Frank (2022), The Banshees of Inisherin (2022)) agus Shoo (Clare Monnelly, Doineann (2021), Departure (2022)) agus an caidreamh casta a fhásann eatarthu.
Osclaíonn Fréwaka le bainis sa bhliain 1973. Cruthaítear atmaisféar míshuaimhneach ón tús nuair a thagann slua d’fhir i mascanna go dtí láthair na bainise gan chuireadh agus nuair a léirítear imní na brídeoige nua, atá ag súil le páiste.

Leis an gceol ard agus torann an tslua ag damhsa, cruthaítear atmaisféar mearbhlach, agus cuirtear leis an mearbhall nuair a imíonn an bhrídeog nua gan tásc ná tuairisc, gan ní ar bith fágtha ina diaidh ach a fáinne pósta.
Idir an chéad agus an dara radharc, cuirtear an íomhá thraidisiúnta seo de bhainis Ghaelach i gcodarsnacht leis an saol comhaimseartha nuair a dhírítear ar bhean eile atá ina hárasán léi féin i mBaile Átha Cliath.
Cloisimid fuaimeanna taobh amuigh den árasán – guthanna na gcomharsan, leanbh óg ag caoineadh, fuaimeanna na tráchta taobh amuigh – ach ina ainneoin sin, léirítear í mar charachtar uaigneach, aonaránach.

Tá amhrán traidisiúnta á chasadh aici i nGaeilge agus cuma fhiáin uirthi agus í ag siúl timpeall an árasáin atá lán le híocónagrafaíocht reiligiúnach – fuaim a glóire féin in iomaíocht leis na fuaimeanna taobh amuigh – sula seasann sí ar chathaoir, cuireann sí rópa timpeall a muiníl, agus cuireann sí deireadh leis an bhfulaingt.
Cruthaítear nasc idir an dá radharc seo nuair a bhuailimid le Shoo, iníon na mná a chuir lámh ina bás féin.
Tagann sí lena bean Úcránach, Mila (Aleksandra Bystrzhitskaya), lena bhfuil sí geallta agus atá ag súil le páiste, chun árasán a máthar a chur in ord arís. Feicimid í ag streachailt leis an tasc seo agus an teannas a chruthaíonn sé sin idir Shoo agus Mila, nach bhfuil tuiscint cheart aici ar óige Shoo le máthair a raibh galar intinne uirthi agus a thug drochíde di mar pháiste.
Is oibrí cúraim í Shoo agus nuair a fhaigheann sí glaoch gutháin chun aire a thabhairt do sheanbhean i gceantar iargúlta ar bhuail stróc í, glacann Shoo leis an gcuireadh mar bhealach éalaithe ó ainnise a hóige agus ó chúraimí an fhíorshaoil.

Cruthaítear atmaisféar dorcha nuair a fhágann Shoo saol na cathrach ina diaidh agus nuair a thagann sí chomh fada le baile na seanmhná. Is baile beag iargúlta é ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail agus ina bhfuil an saol traidisiúnta, an saol Gaelach, le brath i ngach áit.
Roghnaíodh Shoo mar oibrí cúraim toisc go bhfuil Gaeilge líofa aici, agus is i nGaeilge a labhraíonn sí féin agus Peig, an tseanbhean phiseogach ar bhuail an stróc í. Foghlaimíonn Shoo go tapaidh go bhfuil cás na mná seo i bhfad níos casta ná mar a shíl sí ar dtús, agus nach deacrachtaí fisiciúla amháin atá i gceist.
'Tá teach faoin teach’, a deir Peig le Shoo, agus cónaí ar an Aos Sí ann: dream osnádúrtha, dream mailíseach, dream atá meáite ar phíonós a chur uirthi.
Cé go dtugann Shoo cluas bhodhar do smaointe dorcha na seanmhná ar dtús, mothaíonn sise an dorchadas céanna timpeall uirthi sula i bhfad. Cruthaítear atmaisféar clástrafóibeach ina bhfuil an bheirt bhan i ngéibheann i seanteach Pheig agus faitíos orthu roimh an saol amuigh agus an méid atá i bhfolach taobh thiar de dhoras íoslach an tí. Scáthánaíonn sé seo staid intinne na beirte agus iad ag streachailt leis an ngalar intinne.
Tá siad níos cosúla lena chéile ná mar a shíl siad ar dtús – tá an bheirt acu ag streachailt le tráma, brón agus cumha. Tuigeann an bheirt acu an phian a thagann le duine a chailleadh mar gheall ar fhéinmharú. Tuigeann an bheirt acu cad is píonós ann. Ceanglaíonn a gcuid cúlraí le chéile iad. Cruthaíonn an teanga nasc eatarthu freisin. Tá siad fréamhaithe sa traidisiún céanna.

Cé go mbaineann sé le gort an uafáis, is scannán é a leagann béim níos láidre ar an dorchadas agus ar an mailís ná ar an sceimhle, agus a bhfuil teachtaireacht láidir agus scéal le hinsint aige. Scrúdaítear meon agus intinn na bpríomhcharachtar agus tionchar an stáit, an reiligiúin agus an tráma chultúrtha orthu.
Scrúdaítear nádúr tairseachúil an tsaoil agus an nasc idir an bhreith, an pósadh agus an bás trí eilimintí de thraidisiún an bhéaloidis agus den mhiotaseolaíocht a fhí isteach sa phlota go cumasach. Cuireann úsáid na Gaeilge tríd síos béim ar an gceangal idir an saol comhaimseartha agus an seansaol, idir muintir na hÉireann agus muintir an tsaoil eile, agus ar leanúnachas an traidisiúin.
Is scannán é a bhfuil fréamhacha doimhne aige a chuirtear in iúl go máistriúil agus a fhanfaidh leat tar éis duit dul ar ais thar thairseach na pictiúrlainne le filleadh ar an bhfíorshaol.
Beidh Fréwaka ag oscailt ar an 25 Aibreáin ar fud na tíre.