skip to main content

Saoire in Iardheisceart Thír Chonaill

Sliabh Liag dhrámatúil i dTír Chonaill.
Sliabh Liag dhrámatúil i dTír Chonaill.

Tá brothall le brath san aer ó thus na míosa cé gur éalaigh an ghrian tamall, na scoltacha druidte agus daoine go fóill ag lorg áit inteacht le dhul ar bhriseadh beag don Cháisc.

Is deacair Gaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall a bhualadh amach, le láithreacha aitheanta cosúil le Sliabh Liag, Gleann Gheis agus Bá Dhún na nGall ag síneadh trasna i dtreo Bhinn Ghulbain. Más turas lae nó deireadh seachtaine faoin tuath atá uait, tá fuíollach le feiceáil ann.

Gleann Gheis fhiáin.



Tá bailte cosúil leis An Charraic, Cill Chartha agus Gleann Cholm Cille sa cheantar seo, agus níl baile oidhreachta Ard an Rátha ach achar ghairid uait. Cé go bhfuil seirbhís bus áitiúil ann, is doiligh carr nó rothar a bhualadh leis an taobh tíre a fheiceáil ar do shuaimhneas.

Kildoney More Dolmen, Ardara, Donegal.



I dTeileann, ceantar álainn cósta a mheall lucht an bhéaloidis fadó, gheobhaidh tú fáilte bhreá i dteach leanna The Rusty Mackerel. Tá lóistín ar an láthair acu agus iomrá mhór ar an bhialann as an bhia mara úr a bhíonn le fáil ann. Seo láthair ar dóigh le fanacht má tá fonn siúil nó dreapadóireachta ort, faoi scáth Shliabh Liag.

Cé Theileann, the pier at Teelin for Sliabh Liag Boat Tour departures.



Ta busanna rialta ag tabhairt paisinéirí go na pointí féachána ar bharr Shliabh Liag, agus ar lá maith tá radharc agat ar cheithre chondae. Molaim an turas báid a dhéanamh le Sliabh Liag Boat Tours ó ché Theileann thart ar bhun na mbeann, go speisialta ag luí gréine.

Níl a shárú le fáil ar áilleacht farraige! Más ag lorg caifé oighrithe do ghrianghraf Instagram atá tú, is furast sin a fháil ó vean 'Brewin thru' suite ag Abhainn Ghlinne ar imeall Theileann.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Mealann ranganna Oideas Gael neart go Gleann Cholm Cille ar mhaithe le cúrsaí cultúrtha agus Gaeilge achan bhliain, agus tá siopa agus caifé deas acu le féiríní na háite ar díol ann. Más duine siúlach thú, is doiligh na radharcanna sa Ghleann a bhualadh, ó Thúr Cheann Ghlinne go cuid de na stadanna ar thuras oilithreachta Cholmcille féin.

Tá cáil ar an cheol traidisiúnta 'dtigh John Joe i gCill Chartha, áit a mbíonn ceoltóirí áitiúla agus cuairteoirí araon ag seinm go seachtainiúil. Má tá dúil agat san fhideal, seo na flaithis, mar go bhfuil stíl aitheanta iardheisceart na condae beo bríomhar sa cheantar seo. Thig lóistín a chur in áirithe i dtithe aíochta nó tithe a fháil ar cíos in aice an bhaile, plean don Samhradh cinnte!

Teach Solais Reachlainn Uí Bheirn.



Tiomáin amach as Gleann Cholm Cille fhad le Málainn Bhig le cuid de na radharcanna is deise sa tír a fháil, amach chuig Teach Solais Reachlainn Uí Bhirn. Tagann na sluaite go dtí'n Trá Bhán, (Silver Strand) atá suite 174 céim síos ag bun na haille- deacair corruair nuair atá ort pilleadh i ndiaidh tréimhse ag sú na gréine! Tá carrchlós ann ach seans go mbeidh ort dhul i muinín ghruaimhín an bhealaí mhóir má tá scaifte ann.

Más spéis leat ceardaíocht, an saol mar a bhí agus rud inteacht atá fóirsteanach d'achan aois ghrúpa, buail isteach go Daonbhaile Ghleann Cholm Cille, togra pobail agus fiontraíochta a forbraíodh sna 1960í. Tá macasamhail tithe ann ó chéid éagsúla, samplaí de cheirdeanna, scéal na háite agus na himirce le feiceáil anseo. Ní thig leat an turas a ligean tharat gan dul chuig an teach tae do rud inteacht milis!

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences



Déan do bhealach intíre, fríd na caoráin go barr an ghleanna arsa, Gleann Gheis. Tá na céadta míle pictiúr déanta den radharc ar scoilt an ghleanna i dtreo na farraige, curaíocht le feiceáil ar shleasa na gcnoc agus an casadh bealaí ar a dtugtar 'The S' ag sníomh ina lár. Tá láthair anseo le suíocháin do phicnic agus corruair bíonn vean chaifé ann. Bain lán na súl as an radharc seo, tá draíocht ann.

Tá ceird na fíodóireachta agus oidhreacht bhréidín Dhún na nGall fite fuaite i bpobail Ghaeltachta an Iardheiscirt. Níl ganntanas siopaí agus muilinn ann ag díol agus ag taispeáint a gcuid earraí don phobal. Tá baile Ard an Rátha, ag bun Ghleann Gheis mar phointe lárnach - le siopa álainn Tríona Design, Campbells, Molloy's agus an fíodóir iomráiteach Eddie Doherty ag feidhmiú ann. Tá an pióg úll is deise le fáil sa chaife atá lonnaithe in ionad oidhreachta an bhaile sin fosta!



Tá fuíollach i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall, do theaghlaigh, lánúin nó cairde a dteastaíonn iargúltacht tírdhreacha, siúlóidí breátha agus comhluadar pobail uathu don sos lár téarma.