Is fada clú agus cáil ar na saoir bád a thógann Húicéirí na Gaillimhe agus ar na bádóirí go deimhin a bhíonn á ngabháil. Is léiriú iad ar an gcultúr eisceachtúil mara a mhaireann go fóill.
Sa gclár seo, dírítear ar na dúshláin éagsúla a bhíonn ag saoir na mbád ársa seo, agus ag úinéirí agus cumainn, tráth a bhfuil níos mó bád mór ar thalamh tirim seachas iad a bheith amuigh ar an uisce.
Ba iad na blianta beaga seo caite na blianta ba dheacra ag na báid agus ag na bádóirí ó tharla athbheochan na Húicéar ag deireadh na 1970idí.
Is i gcleas na mBád Mór is mó a bhfuil an deacracht seo le feiceáil, gan ach ceann nó péire páirteach sna geallta anois le linn an tSamhraidh.

Is é nádúr an bháid adhmaid go mbíonn costais chothabhála agus dheisiúcháin rialta ann, ach tá an cás imithe in olcas le cúpla bliain anuas.
Tá deacrachtaí ollmhóra ann teacht ar an adhmad ceart chun na báid a dheisiú. Is minic moill os cionn bliana a bheith i gceist le teacht ar adhmad atá feiliúnach, agus anuas air sin, tá an costas dúbláilte; costas nach féidir le húinéirí a sheasamh, agus dá bharr, tá na báid ar tarraingthe ar fud chladaí agus chéibheanna Chonamara.

In éineacht leis an gcostas mór, tá líon na saor báid tite go mór le roinnt blianta agus gan ach cúpla saor ag plé leis an gceird anois, rud a chuireann todhchaí na húicéar, agus an traidisiúin a bhaineann leo, go mór i mbaol.
Caithfear seal sa gclár seo i gcuideachta na saor agus iad mbun oibre agus scagfar na bealaí is fearr chun an cheird a roinnt leis an gcéad ghlúin eile lena chinntiú go mairfidh traidisiún na seanbhád dúchasach seo.

Tabharfar léargas na n-úinéirí dúinn sa gclár seo atá ag cur costas ollmhór orthu féin agus iad ar a ndícheall báid oibre a muintire a choinneáil ar an bhfarraige.
Ó Lámh an tSaoir, 21 Aibreán 8.30pm ar TG4.