Bódléar is ea an leabhar is déanaí ó pheann líofa Dharach Uí Scolaí ag Leabhar Breac ar a dtugann an t-údar nóibhille nó 'rómáns' air, i ndiaidh thraidisiún an seánra céanna úrscéil, a dhíríonn go mion ar sícé an ghrá agus ar an ngaol idir carachtair.
Pléascann an scéal gleoite seo amach ón gcéad líne agus laistigh de leathanach tá gach smid den láthair – an Baile Beag, iartharach, iargúlta, cois fharraige - iargúlta, cois farraige - le clos, le bolú agus le braith go céadfach, físiúil, tobann, ina iomláine. Cuimhnigh An Béal Bocht Myles nó Under Milkwood Dylan Thomas.
Ainneoin teideal an leabhair ainmnithe i ndiaidh an fhile Fhrancaigh, Charles Baudelaire, is pastiche an t-ainm agus an carachtair, cineál, ar siúd agus ar an scríbhneoir Honoré de Balzac atá sa scéal seo, inste tré dhán an fhile, Bódléar, an Máistir scoile Beartla, gurb é coimeádaí an traidisiúin é do mhuintir an cheantair.
Ach go bhfuil scamall anois ar fhíor na spéire aige.
Labhrann RTÉ.ie/Gaeilge leis an údar, Darach Ó Scolaí, faoi.

Is scéal é atá bunaithe ar theacht na nua-aoise agus imeacht an tseansaoil, mar a mhíníonn Ó Scolaí.
"Is dóigh, ar dtús, go bhféachaim air seo mar úrscéal seachas mar úrscéal staire, nó mar nóibhille, más maith leat. Ní hé sin le rá nach féidir liom labhairt ar an stair nó scéal a shuíomh sa stair ach is rud eile ar fad é leabhar a chlóigheann leis na rialacha coinbhinsiúnacha a bhaineann leis an úrscéal staire ó thaobh réalachas de agus cróineolaíochta de. Ní hé an chineál leabhar a bhí uaim a scríobh."
"Is dóigh gur scéal nó úrscéilín é seo a tháinig chugam as íomhánna ar dtús – an file ag teacht i dtír agus é míshásta agus ansin, de réir a chéile, d’oibrigh mé scéal timpeall air sin. Cinnte, an cheist seo faoin nua-aois, tagann sé sin i gceist agus tháinig sé sin chugam agus mé dá scríobh."
"Ní hé gur shocraigh mé leabhar a scríobh faoin nua-aois ach b'fhacthas dom go raibh sé sin i gceist, an t-athrú mór sa saol; ní dheirim gur caillteanas ná cúlú atá i gceist ach go dtagann rud eile."
"Chomh simplí leis sin. Imíonn rud agus tagann rud eile."
"Bhí mé ag cur an-spéis I bhFilí na Máighe ag an am, agus tá i gcónaí, agus sa domhain spraíúil, Raibiléiseach, glórach, meisciúil a bhí thart timpeall orthab. Agus an saibhreas a dfhág siad,agus an saibhreas a tháinig as an domhan meisciúil, glórach, spraíúil sin. Theastaigh uaim cloí leis sin ach gan rud tur a scríobh, gan stair a scríobh."

Tá an scéal líonta lán agat le carachtair mionsaothraithe, an Máistir Scoile Beartla - an Bódléar féin – Máire a Phosta, Ruaidí Pheada Ruaidí - agus triantáin éagsúla grá i gceist agus daoine ag plancadh a chéile agus i mbun daoine 'a chláradh sa ngarraí cabáiste'. Tá spraoi go leor leis an bhfoclóir ann. Bheadh típeanna áitiúla pobail le haithint sna carachtair chomh maith, mar a bheadh ag aon bhaile beag, ach tá ról le himeart ag gach aon cheann acu sa scéal.
"Tá, is dócha gur theastaigh uaim domhan spraíúil na bhfilí Muimhneacha a athchruthú i gCúige Chonnacht! Mar gur theastaigh uaim seasamh siar uaidh beagáinín."
"Níor theastaigh uaim beathaisnéis na bhfilí a scríobh, theastaigh uaim rud éicint spraíúil i spiorad na bhfilí sin a scríobh. Sin an fáth freisin is dóigh go ndeachaigh mé i dtreo úrscéal a bhí suite sa stair ach nach raibh faoi rialacha na staire mar gur theastaigh uaim é a bheith i spiorad na filíochta níos mó ná i spiorad na staire."
An radharc deiridh sa leabhar, d’fhéadfaí go mbeadh sé ag tarlú i Milan comhaimseartha lena chaifé beag agus a mhuinchille casta siar aige?
"Áiféis, ar ndóigh! Ach sin cuid den spiorad Raibiléiseach, sílim. Agus fiú amháin an carachtar seo, Bódléar, atá bunaithe níos mó ó thaobh físe de ar Balzac ná ar Baudelaire, mar is é Balzac atá sa phictiúir clúdaigh, grianghraf cáiliúil atá againn de Bhalzac, agus an léine bhán sin oscailte. Is dóigh gur íomhá é don fhile rómánsúil."
Agus an gaol sin a bhí ann tráth idir Éire agus an Fhrainc.
"Agus fiú línte deireanacha an leabhar, ina bhfuil an bád, 'bateau ivre' Rimbaud, ag imeacht uainn go súgach."
Tá an íomhá céanna an-drámatúil, macallaí fiú Casablanca ann.
"Ach gan é a bheith chomh tragóideach leis sin!"
Tá dán ag Baudelaire, 'Bí dallta' nó ‘Bí caochta’, agus luann tú féin an mheisciúilacht beatha a bhí uait a léiriú; caithfidh go raibh tú ar dallta macasamhail Baudelaire, gur bhain tú spraoi as an scéal seo a scríobh?
" Tá sé sin fíor. Bhain mé an-spraoi as. Is dócha gur thóg sé I bhfad níos lú orm é seo a scríobh ná go leor rudaí eile roimhe seo. B'fhéidir go raibh an scéal ag borradh ar feadh mí nó dhó agus ansin gur phléasc sé amach de ruaig amháin a thóg cúpla seachtain orm a scríobh, ach ansin bhí athscríobh agus athscríobh agus athscríobh ann."
Luann Ó Scolaí, chomh maith le tionchar na bhfilí, go ndeachaigh saothar an scríbhneora Pádraig Ó Maoileoin i gcion air, duine de phríomh-scríbhneoirí an fichiú haois againn, dar leis.
"Sílim go bhfuil daonnacht ann agus tuiscint don duine agus cur síos iontach aige ar chineálachaí daoine. Ní an rud atá éasca, ar nós cur síos ar dhaoine suaracha nó ar dhaoine gur féidir bheith ag gáirí ina dtaobh, ach cur síos ar chuile chineál dea-dhuine agus droch-dhuine."
"Le Paddy Maoileoin, is daoine ar fad iad, tá sé an-daonna ar an bhealach sin. Mar atá in Fonn a níos Fiach, Bríde Bhán agus na haistí Na hAirde Thuaidh agus ina dhírbheathaisnéis féin, Macadúna."
Beidh Bódléar á phlé ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock Déardaoin 24 Aibreáin ag 2.05pm.
Is iad An Dr. Pádraig Ó Liatháin agus an Dr. Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bheidh i dteannta Tristan.