skip to main content

Scannal na ngadhar agus na gclibeanna easnamhnacha

Patricia Nic Eoin agus Aillí. Le fada.
Patricia Nic Eoin agus Aillí. Le fada.

Madra, gadhar, coileán, cú - siad na hainmhithe is gaire agus is dílse ar an mbith iad dúinn. Seachas an chaora agus an giorria, cé nach maith leo na doggies? Ach cé a dhiúltódh fada a chur ar chlib s'acu? Dúshlán a sháraigh Patricia Nic Eoin agus Aillí.

Aillí: an madra a sheas an fód fadaí.

Agus RTÉ.ie/Gaeilge ag caint le Patricia Nic Eoin le déanaí faoina gnó foghlamtha Gaeilge, All About Irish, d'inis sí dúinn fén bhfeachtas atá ar bun ag a madra Aillí gael-Mhadraí na hÉireann a fhuascailt ón gcos-ar-bolg teanga faoina bhfuil siad ag maireachtáil - talkin bout a Ruffolution, babe.

Cad é seo faoin Ruffolution?

"Bhuel, sin rud a tharla trí thimpiste ar bhealach ach tá mé ag baint an-spórt as!"

"Fuair mé madra tamall ó shin, Aillí an t-ainm atá uirthi, ach nuair a chuaigh mé isteach i gceann de na siopaí peataí móra anseo i nGaillimh dúradh liom nach mbeadh siad in ann an síneadh fada a chur ar an gclib."

Cois cladaigh sa Ghaillimh agus a clib Ghaelach á chaitheamh le bród.

"Bhain mé píosa spraoi as sin, a rá le mo chuid mac léinn nach raibh Aillí sásta an teach a fhágáil gan a fada agus mar sin de. Faoi dheireadh d'aimsigh mé siopa ar Shráid Dominic i nGaillimh a bhí in ann an fada a dhéanamh agus, buíochas mór le Dia, bhí Aillí sásta an teach a fhágáil arís.

Ansin bhí cara liom agus 'Bonnie' an t-ainm a bhí ar a madra, agus d'iarr sí orm litriú Gaeilge a chur air sin, rud a rinne mé: Banaí!"

"Thug mé faoi deara gur bealach an-deas agus an-éasca a bhí i traslitriú na n-ainmneacha seo chun fuaimeanna agus litriú na Gaeilge a mhúineadh. Thosaigh mé ag fáil an t-uafás rphost ó dhaoine ag iarraidh cabhair le 'Gaelú' ainmneacha a madraí."

"Ní raibh mé in ann iad go léir a fhreagairt mar sin chruthaigh mé bileog chun cabhrú leo, ar féidir íoslódáil ó mo shuíomh anois ag an nasc seo: https://www.allaboutirish.ie/ruffolution."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Patricia Nic Eoin ag caint le Brendan Courtney faoi Ruffolution.


Dar ndóigh sí Patricia a bhunaigh All About Irish le Gaeilge a mhúineadh do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas an teanga a labhairt. Míníonn sí anseo thíos ina thaobh.

"Tá réimse fíorleathan cúrsaí ar fáil anois, idir chúrsaí do ghlantosaitheoirí, cúrsaí d'fhoghlaimeoirí idirmheánacha agus cúrsaí dóibh siúd atá ag iarraidh cur isteach ar scrúduithe TEG. Bainim úsáid as mo mhodheolaíocht féin 'Structured Irish' sna cúrsaí, ina leagtar béim ar structúr na teanga."

Fadaí ar fáil agus fáilte sa Galway Trophy Centre i gcathair na Gaillimhe

"Chomh maith leis na cúrsaí sin chruthaigh mé dhá chúrsa eile atá beagán difriúil ó na gnáthchúrsaí teanga agus a bhfuil an-tóir orthu: 'Learn Irish Through Literature' agus 'Learn Irish Through Poetry'. Chruthaigh mé an dá chúrsa sin in éineacht le Joe Ó Fátharta, as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe. Tá sé i gceist againn tuilleadh cúrsaí mar sin a dhéanamh amach anseo. Tá eolas faoi na cúrsaí ar fáil anseo: https://www.allaboutirish.ie/courses."

Inis dom faoin dá togra eile a raibh baint agat leo: Modh Michel Thomas agus Short Stories in Irish for Beginners.

"Sular chruthaigh mé mo mhodheolaíocht teagaisc féin bhí deis agam obair le foilsitheoirí Modh Michel Thomas. Is modheolaíocht ar leith é Modh Michel Thomas chun teangacha a mhúineadh. Bhain mé úsáid as mé féin chun Spáinnis a fhoghlaim na blianta ó shin."

"Ag an am am cheap mé go mbeadh sé iontach da mbeadh cúrsa Gaeilge le Modh Michel Thomas ar fáil. Chuaigh mé féin agus cara liom, an Dr. Eilís Ní Dhúill, i dteagmháil leis na foilsitheoirí idirnáisiúnta i Londain, agus le scéal fada a dhéanamh gearr d'aontaigh siad cúrsa Gaeilge a chur ar fáil."

"Tá daoine ag baint úsáid as an gcúrsa sin ar fud an domhain anois, agus tá muid beirt an-bhródúil go deo as. Bhí an-tionchar ag Modh Michel Thomas ar mo mhodheolaíocht féin, agus tagann go leor daoine chuig All About Irish tar éis dóibh cúrsa Gaeilge Michel Thomas a dhéanamh."

"Maidir leis an leabhar 'Short Stories in Irish for Beginners' is cuid de shraith idirnáisiúnta an leabhar sin, atá ar fáil i go leor teangacha. 'The Olly Richards Language Learning Series' ainm na sraithe. Níl aon Ghaeilge ag Olly Richards, ba mé féin agus Eilís a rinne an togra sin chomh maith!"

Cad atá i ndán do All About Irish?

"Tá mé an-sásta faoin treo ina bhfuil rudaí ag dul, agus go bhfuil mé ábalta cabhrú le daoine in Éirinn agus ar fud na cruinne atá ag iarraidh ár dteanga álainn a labhairt. Tá go leor smaointí agam!"

"Tá an t-uafás cúrsaí eile gur mhaith liom a chruthú, agus bím i gcónaí ag déanamh uasghrádú ar na cúrsaí atá agam."

"Chomh maith leis sin ba bhreá liom cúrsa seachtaine a chur ar fáil amach anseo, agus daoine a thabhairt le chéile áit éigin in iarthar na tíre chun Gaeilge a labhairt le chéile ó dhubh go dubh!"