skip to main content

Bog Amach ar lean le daoine agus na dtithe is ansa leo a thabhairt le chéile

Is léir gur maith le Jill Kelly an méid atá os a comhair.
Is léir gur maith le Jill Kelly an méid atá os a comhair.

Is í 'Bog Amach' an tsraith sé chuid ina dtugaimid cuidiú agus comhairle do dhaoine ar cad atá ar fáil ó thaobh tithe de agus muid ag cloí le buiséad s’acu féin.

Léiríonn muid dóibh na srianta agus na féidearthachtaí atá amuigh ansin.

Cibé an bhfuil siad ag lorg tithe cois farraige nó ag iarraidh rírá shaol na cathrach, tá mianliosta difriúil ag gach duine.

Emer Mhic an Fhailí, Jill Kelly agus a hathair sa lár.

Feicimid tithe atá réidh le bogadh isteach iontu go dtí na cinn sin a dteastaíonn beagán níos mó oibre uathu.

Foghlaimímid freisin ó réimse saineolaithe réadmhaoine ó dhlíodóirí go hailtirí a thugann comhairle maidir leis an leas is fearr a bhaint as do theach nua. Tá Jill Kelly, a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, ag súil le bogadh go teach nua sa phríomhchathair.

An féidir leis an seó cabhrú léi bogadh i margadh maoine iomaíoch mar seo? Tugann an láithreoir Emer Mhic an Fhailí seisear lánúin, teaghlaigh agus ceannaitheoirí céaduaire chuig áiteanna iontacha ar fud na tíre agus iad ar thóir na háite foirfe le cur fúthu.

Is ag Emer atá an tsúil.

'Bog Amach' is a six-part series that features people who want to create a better life by moving home. Whether they are seeking solitude by the sea or craving the hustle and bustle of city life, everyone has a different wish-list in mind.

We see houses that are ready to move into, to those that need a little more work, and all within their target budget. We also learn from a range of property experts from solicitors to architects who give advice on making the most out of your move.

Éammonn Mac Giolla Bhríde.

Jill Kelly, who lives in Dublin, is hoping to move to a new home within the capital.

Can the show help her move in such a competitive property market? Presenter Emer Mhic an Fhailí takes six couples, families and first-time buyers to spectacular locations across the country as they search for the perfect place to live.

Bog Amach, 14 Aibreáin 2025, 20:30 ar RTÉ ONE agus ar an RTÉ Player.