skip to main content

An múinfeá rang Gaeilge? Agus gnó a bhunú as an méid sin?

Patricia Nic Eoin, All About Irish.
Patricia Nic Eoin, All About Irish.

Bhí Patricia Nic Eoin ag obair mar dhlíodóir i gcathair na Gaillimhe ar feadh roinnt mhaith blianta, nuair a fuair sí an deis dul ag obair mar aistritheoir le Gaeilge sa mBruiséil áit ar chaith sí seal ag obair ann. Ach bhí rudaí eile i ndán di.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Patricia faoin gcasadh spéisiúil a tháinig ar a saol.

Cad chuige an suíomh seo agus cad as a tionscnaíodh é?

"Bhí mé ag obair sa mBruiséil mar aistritheoir agus nuair a d'fhág mé iarradh orm rang Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine fásta. Agus rinne mé é sin ag baint úsáid as na téacsleabhair agus chuile rud a tugadh dom."

"Ach thug mé faoi deara nach raibh sé chomh hiontach sin – an rud a bhí sna téacsleabhar sin ná ábhar le cur de ghlanmheabhair, tá's agat, ach gan aon tuiscint a bheith ag daoine ar struchtúr na teanga."

"Mar sin thosaigh mé ag cruthú mo chuid acmhainní féin agus thosaigh mé ag múineadh ar-líne le linn Covid agus tharla sé de réir a chéile go dtí anois agus an scoil seo ar líne a’am. Agus tá réimse leathan cúrsaí a’am do mhic léinn ar fud an domhain agus in Éirinn."

"Bainim úsáid as mo mhodh teagaisc féin, Structured Irish an t-ainm atá air. Sin an chaoi ar tharla sé."

"Chomh maith leis na cúrsaí sin chruthaigh mé dhá chúrsa eile atá beagán difriúil ó na gnáthchúrsaí teanga agus a bhfuil an-tóir orthu: 'Learn Irish Through Literature' agus 'Learn Irish Through Poetry'. Chruthaigh mé an dá chúrsa sin in éineacht le Joe Ó Fátharta, as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe. Tá sé i gceist againn tuilleadh cúrsaí mar sin a dhéanamh amach anseo."

Cois fharraige ag Bóthar na Trá sa Ghaillimh.

"N'fheadar ar chuala tú tagairt don Michel Thomas method?"

"Tá an modh teagaisc seo thart ó na nóchaidí, táim ag ceapadh, le teangacha a fhoghlaim. Bhí sé ar fáil sa Fhraincis i dtosach. Bhain mé úsáid as mé féin le Spáinnis a fhoghlaim agus cheap mé go raibh sé thar cionn ar fad agus rith sé liom go mbeadh sé iontach dá mbeadh sé seo ar fáil don Ghaeilge."

"Chuaigh mise agus cara liom a bhí ag obair san Ollscoil anseo i nGaillimh, Dr. Eilís Ní Dhúill, i dteagmháil leis na foilsitheoirí, Hodder and Stoughton i Londain. Mheasadar, toisc nach raibh siad ag freastal ar aon mhionteanga go dtí sin dul ina bhun agus d’aontaigh siad cúrsa Gaeilge a chur ar fáil."

"Thaisteal muid go Londain agus ba ansin a ndearnadh an taifeadadh don chúrsa MichelThomas Foundation Irish. Tar éis dúinn an cúrsa Michel Thomas a chríochnú b'fhacthas dona foilsitheoirí go bhfuil an-spéis sa Ghaeilge amuigh ansin, agus d’iarr siad orainn leaganGaeilge de tháirge eile s’acu a dhéanamh – leabhar sa tsraith 'Olly Richards’."

"Anois tá 'Short Stories in Irish for Beginners' ina chuid de shraith idirnáisiúnta, atá ar fáil i go leor teangacha. 'The Olly Richards Language Learning Series' ainm na sraithe. Níl aon Ghaeilge ag Olly Richards, ba mé féin agus Eilís a rinne an togra sin chomh maith!"

Acmhainn luachmhar, useful resource for learning Irish.

"Mar sin bhí mé cineál ag foghlaim faoi na modhanna teagaisc difriúla seo agus chuaigh an péire acu sin go mór i bhfeidhm orm, modh Michel Thomas go háirithe, agus mo mhodh féin tá sé cineál bunaithe ar an modh sin, a bhfuil struchtúr na teangan lárnach ann."

Bhfuil bearna mór idir sin agus an modh atá ag an Teastas Eorpach sa Ghaeilge, an TEG, mar shampla?

"Bhuel cabhróidh sé le duine ag an tús. Tá an modh ag cúrsa Michel Thomas ina cheann cluastuisceana amháin agus níl ach ocht uair a chloig ann, mar sin tugann sé bunús do dhuine sa teanga ach ansin mo chúrsaí féin leanann siad ar aghaidh ón gcúrsa sin."

N'fheadar cé méid Gaeilge a chuala na clocha céanna lena linn?

"Le Michel Thomas níl i gceist ach éisteacht agus labhairt ach le mo chúrsaí tá léamh agus scríobh ann freisin. Agus bhí cur amach agam ar chúrsaí TEG. Bhí mac léinn amháin agam agus bhí sé ag iarraidh cur isteach ar an scrúdú sin agus thosaigh mé ag féachaint air arís agus cheap mé, is córas an-mhaith é seo mar go dtabharfadh sé sprioc do dhuine. Mar sin tá dhá chúrsa TEG agam freisin ag leibhéal A2 agus B1."

"Tá go leor daoine fásta ann agus, cosúil le duine atá ag iarraidh a bheith níos aclaí, roghnaíonn siad maratón nó leathmharatón. Cabhraíonn sé go mór má bhíonn sprioc ag duine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus cuireann siad isteach, mar shampla, ar scrúdú TEG."

"Anuraidh rinne go leor mac léinn liom as Meiriceá, as Sasana, agus as go leor áiteanna inÉirinn an scrúdú TEG a bhí théis mo chúrsa TEG a dhéanamh ar líne, agus d'éirigh go han-mhaith leo. Go leor acu a rinne A2 anuraidh tá siad ag fáil réidh do scrúdú B1 i mbliana. Sinrud amháin fíormhaith faoi chóras TEG – is féidir an dul chun cinn a fheiceáil."

Ní tú an chéad duine a chreideann go bhfuil life after Rannóg an Aistriúcháin sa Bhruiséil, bhfuil aithne agat ar Chaoimhe Ní Shúilleabháin?

"Tá aithne mhaith a’am ar Chaoimhe! Chonaic mé an píosa a rinne tú léi, atá go hálainn ar fad, faoin rud atá ar bun aici."

Bhfuil aon seift agat daoine a mhealladh go Gaillimh nó Conamara seachas ar líne?

"Ba bhreá liom é sin a dhéanamh amach anseo agus bím ag obair le fear as Indreabhán, Joe, céimí in Irish Studies é féin, agus cur amach aige ar fhilíocht agus litríocht na Gaeilge agus chuireamar dhá chúrsa le chéile Learn Irish Through Literature agus Learn Irish Through Poetry, agus tá an-tóir ar na cúrsaí sin. Bealach eile é sin chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus bheadh sé iontach daoine a mhealladh siar chun Gaeilge a fhoghlaim agus nasc a bheith ann le filíocht agus litríocht na Gaeilge ag an am céanna."

Foghlaim tré osmóis, i ngan fhios duit – nach í sin an modh is deise?

Breis eolais le fáil ag All About Irish.