skip to main content

Scór bliain de Steip dá cheiliúradh ar TG4

Patrick Ó hOibicín agus Sonaí Choilm Learaí Ó Confhaola - Scór Bliain de Steip
Patrick Ó hOibicín agus Sonaí Choilm Learaí Ó Confhaola - Scór Bliain de Steip

Gach Samhain craolann TG4 an comórtas damhsa ar an sean-nós Steip ó fhéile an Oireachtas. Ón chéad beocraoladh i 2004 thug Steip an damhsa agus na daimhseoirí isteach ón imeall.

D'athraoibh ó bhun mar a shamailítear an damhsa ar an tsean-nós, léirigh na soilse agus na ceamaraí íomha dhúinn nar facthas roimhe, bhog an caper damhsa go dtí an t’árdán náisúnta.

Leis na glúinte, mhair an damhsa ag áirneáin agus ócáidí poiblí i gceantaracha Chonamara agus Ráth Chairn don chuid is mo ach ba bheag áird náisiúnta a bhí air. Faoi lár na 1990í le tacaíocht ón bhféile Pléaráca I gConamara mhéadaigh an speis sa damhsa ar an sean-nós.

Róisín Ní Mhainín.

Ba i 1977 a cuireadh an chéad comórtas damhsa ar an sean-nós ar chlár an Oireachtais, comórtas beag nar tharraing morán aird agus a bhí faoi scáth na gcomórtas taibhealaína eile, go deimhin ní raibh aon comórtas damhsa ar an sean-nós ag an Oireachtas i 1997 agus i 1999, ach le theacht na teilifíse bheadh athrú i ndán.

Roimh 2004 is beag an tóir a bhí ar an gcomórtas damhsa ar an sean-nós ach d’athraigh sé sin ar fad le beochraoladh téilifíse an chomórtais agus mhéadaigh líon na n’iomaitheoirí go tobann.

Sa gclár seo tugtar léiriú ar bhuaicphointí agus forbairt an clár teilifíse agus comórtas damhsa Steip le scór bliain, agus ar an t'athbheochan a mhúscail sé sa damhsa ar an sean-nós.

Nada Ní Churraoin.

Pléfar torthaí na h’athbheochana sin agus an tionchar a bhí aige ar fhéile an Oireachtas agus ar stíleanna éagsúla damhsa a tháinig chun cinn ó shóin.

Sgagfar freisin na dúshláin atá ann don damhsa ar an tsean-nós ag trath ina bhfuil ímní ann go bhfuil an damhsa ag imeacht ón mbun rud dúchasach a bhí lárnach san athbheochan.

Páirteach sa gclár tá daimseoirí, moltóirí agus iar-bhuateoirí Steip ar nós Labhrás Ó Conghaile, Róisín Ní Mhainín, Nada Ní Churraoin, Páraic agus Patrick Ó hOibicín, Éadaoin agus Conall Ó Mainín. Páirteach freisin tá rannpháirtithe ó Oireachtas na Gaeilge, TG4 agus an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Telegael.

Éadaoin agus Conall Ó Mainín.

Scór Bliain de Steip Dé Domhnaigh 20 Aibreán ag 8.30pm ar TG4.