Bhunaigh Ciarán Gaffney comhlacht scéalaíochta trí bliain go leith ó shin darb ainm, cuí go maith, Seanchoíche, ócáid rialta go dtagann daoine le chéile le scéalta a insint agus scéalta a chloisteáil, ag leanacht le traidisiúin ársa Éireannach.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge leis le fáil amach cad ba chúis leis agus mar atá ag éirí leis anois ar fud an domhain.
Cineál mash-up den dá fhocal a thugann an teideal duit dos na hócáidí rialta seo?
"Sea is portmanteau atá ann, 'Seanchaí' an fhocal ar scéalaí, focal a úsáidtear as Béarla agus Gaeilge nuair atáimid ag déanamh cur síos air, na daoine a d’insíodh na scéalta ar fud na hÉireann. Go háirithe nuair nach raibh traidisiúin litríochta scríofa láidir againn."
"Dar ndóigh 'oíche' an fhocal do ‘night’ agus nuair a bhí mé ag iarraidh ainm a aimsiú dos na hócáidí, dúirt mo chara Jeff Burke, "Nach mbeadh sé álainn ‘seanchaí’ agus ‘oíche’ a chur le chéile agus ‘Seanchoíche’ a úsáid mar ainm ar an ócáid?"
"Is é an iolra ar 'seanchaí' atá ann, freisin, mar sin is pun cuí é as Gaeilge - rud atá ana-dheacair do Mheiriceánaigh agus Astrálaigh ach tá ag éirí leis. An chuid is mó de dhaoine ceapann siad gur ‘Seán Choice’ an t-ainm atá air!"
Ar ndóigh ba traidisiúin béil a bhí sa teanga?
"De ghnáth bhailítí slua daoine i dtigh nó i dteach tábhairne chun éisteacht leis an scéalaí, an seanchaí. Daoine an-tábhachtacha a bhí i gceist mar go raibh siad ag tabhairt litríocht na tíre do dhaoine nach raibh léamh acu – b’iad custodians na scéalta iad, na caomhnóirí."
"Sílim gurb shin an fáth go bhfuil aithne cáiliúil ar Éireannaigh a bheith ina scéalaithe maithe."
Lúann tú Meiriceánaigh agus Astrálaigh, cad a dhéanann sibh ag na hócáidí agus cá mbíonn siad ar siúl – cad é an business case a chur sibh le chéile dó seo?
"Bhuel ag braith ar an áit atá sé ag tarlú, an Astráil, in Éireann nó i Sasana nó pé áit é, ceannaíon idir 80 agus 150 duine ticéidí agus bailíonn siad san ionad – teach tábhairne nó bialann nó san ionad atá roghnaithe againn – bíonn fíon, beor nó deoch éigin ar fáil."
"Tosnaíonn muid ag a 7 a chlog, bíonn idir ochtar agus deichniúir scéalaithe ann atá tar éis iarratas a chur isteach a scéal a insint, agus bailíonn muid go léir isteach agus insíonn na scéalaithe a scéalta greannmhara, brónacha, ficsean, neamh-fhicsean nó pé chineál atá acu."
"Tugtar 10 nóiméad ar a mhéid don scéal agus de ghnáth bíonn muid ag éisteach le scéalta ar feadh uair a chloig, bíonn sos againn, agus ansin bíonn uair a chloig eile scéalaithe againn."
"Is rud álainn é mar ní bheidh a fhios agat cén saghas scéal atá le teacht – tá seans gur scéal pearsanta atá i gceist, gur scéal brónach atá ann, gur scéal an-ghreannmhar ata i gceist nó an dá rud le chéile. Mar sin is bit of a rollercoaster difriúil iad na Seanchoíche mar nach stand-up comedy night atá ann."
Glacaim leis go bhfuil scéalta dochreidthe cloiste agaibh ach bhfuil sé seo ar-líne nó conas go bhfuil tú san Astráil amantaí, amantaí i Meiriceá – an é go mbíonn tusa ag taisteal ann do gach ócáid?
"Tá daichead óstach againn. Bímid ag eagrú oícheanta ar fud na háite ach ní bhímse ann ag gach aon cheann. Rinne mé an-chuid taisteal sa chéad dhá bhliain de Seanchoíche agus táimid ag obair ar feadh trí bliana go leith anois agus tá foireann mór óstaigh éagsúla againn a íocaimid chun an oíche a eagrú."
"Mar shampla táimid i mbun oícheanta in Melbourne, i Sydney i Perth agus Brisbane ar feadh bliain anuas gan mise. Tá idir deichniúir agus cúigear déag san Astráil ag eagrú na hoícheanta gach mí."
"Agus cuireann daoine isteach air le labhairt agus ceannaíonn daoine ticéidí agus san Astráil táim ag ceapadh gur thart ar 50% Éireannaigh a thagann agus daoine ó tíortha éagsúla iad an 50% eile a bhfuil affinity mór bainte amach acu ar Seanchoíche. Gach seans nach raibh na daoine seo riamh in Éirinn ach go bhfuil siad ag fáil slisne de chultúr na hÉireann i dark gloomy bar de chuid Sydney. Tá sé sin iontach, go bhfuilimid in ann an chultúr Éireannach a mheascadh mar sin.
Páirtnéireacht cuí idir scéalta agus scéalaithe. Bhfuil sé seo mar jab lán-aimseartha agat anois mar sin?
"Is jab lán-aimseartha atá i gceist. D’fhág mé jab lán-aimseartha dhá bhliain ó shin ach tá mé i mbun na hoícheanta ar feadh trí bliana go leith. Bhí mé ag obair i bpost marketing agus ag an am gcéanna bhí mé ag eagrú na Seanchoíche agus dhá bhliain ó shin, stop mé an obair margaíochta chun go bhféadfainn 100% mo chuid ama a chaitheamh leis Seanchoíche, atá anois lán-aimseartha, thart ar 200% de mo chuid ama!"
Bhí an cúlra margaíochta agat a chabhraigh is dócha rud gur léir ón suíomh snasta agaibh. Mar sin gach mí san Astráil, an mbíonn sé ann gach mí nó go rialta mar sin i ngach áit?
"Gach seachtain anois bíonn sé nó seacht imeachtaí ar siúl againn in áiteanna difriúla, seans maith go bhfuil oíche i San Francisco an oíche céanna go bhfuil oíche againn i Berlin – ó am go ham bíonn mo cheann ag spinning mar tá an-chuid imeachtaí ar fáil ach freisin caithfimid an-chuid oibre a chur isteach in oícheanta éagsúla."
"Déanann muid an-chuid ceardlanna freisin i ngónna éagsúla agus imeachtaí príomhaideacha le comhlachtaí ar nós Spotify, Lonely Planet, Google agus a leithéid. Cabhraíonn muid le daoine a scéal a insint agus an muinín a bhaint amach lena sceál a rá."
Ó Auckland go Amsterdam agus Vancouver go Laois tá na Seanchoíche ag bailiú na scéalta grá, baile, náire, ceiliúrtha agus eile. Cé hiad nach dtaitníonn scéal maith leo?
Beidh Seanchoíche i mBleá Cliath ar 29 Aibreáin in Fumbally.
Beidh siad in Cork, New York - agus amach anseo is dócha in Gortahork and Glenamaddy (leithscéal leis an laoch scéalaí, Christy Moore.)