skip to main content

Gliceas, éirim, seifteachas - Éalaigh! Sraith nua ar Cúla4

Niamh agus Na Síotaí.
Niamh agus Na Síotaí.

Sa tsraith seo, atá bunaithe ar fhormáid an tseomra éalaithe, rachaidh foireann de cheathrar cairde isteach i Zón 62 chun tabhairt faoin dúshlán is mó dá saol.

Beidh orthu tomhaiseanna casta a réiteach, cóid rúnda a bhriseadh agus sé roth fhiaclacha atá i bhfolach sa zón a bhailiú chun éalú.

Cuirfidh Zón 62, atá lán le mistéir, comhoibriú agus fuinneamh, an lucht féachana óg faoi dhraíocht trí eachtraí corraitheacha a cheangal le réiteach cliste ar fhadhbanna i ndomhan atá dinimiciúil ó thaobh amhairc de. Is cúis ríméid do Cúla4 chomh maith a fhógairt go bhfuiltear i mbun réamhléirithe cheana féin ar an dara sraith.

Niamh Ní Chróinín, láithreoir Zón 62.

Dúirt Niamh Ní Chróinín, láithreoir Zón 62: "Tá an clár seo lán le fuinneamh, iontas agus spraoi don inchinn - bhain mé an-sult as gach nóiméad den scannánú! Níl mé in ann fanacht go dtiocfaidh an uile dhuine isteach sa Zón agus tabhairt faoin dúshlán linn."

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe agus Feidhmeannach Ceannachán ar Ábhar do Leanaí TG4 agus Cúla4: "Is sraith chliste agus dhinimiciúil í Zón 62 a bhaineann leas as an gcruthaitheacht, as an bhfiosracht agus as an bhfonn eachtraíochta atá beo i ngach uile pháiste."

"Tá sé go hiontach ábhar Gaeilge a fheiceáil atá curtha i láthair i mbealach atá ardfhuinniúil agus iontach ó thaobh amhairc de - agus tá an-bhród orainn é a thaispeáint ar Cúla4. Seo clár a dhéanann ceiliúradh ar réiteach fadhbanna agus obair foirne i mbealach atá úr, spraíúil agus fíortharraingteach."

Zón 62, Dé Luain, 21 Aibreáin ag a 5 tráthnóna ar Cúla4 agus ar Cula4.ie