skip to main content

Cult Collective Cill Chainnigh ag soláthar ealaíne do chách

Seoirsín Bashford, aisteoir le Cult Collective.
Seoirsín Bashford, aisteoir le Cult Collective.

Dráma nua is ea é 'Ní Liomsa an Teach Álainn Seo' ón mbuíon ealaíne as Cill Chainnigh, Cult Collective, atá dírithe ar théamaí comhaimeseartha ár linne agus tionchar nach beag acu ar mar atáimid ag maireachtaint lena chéile.

Sí Seoirsín Bashford na Gaillimhe an t-aisteoir sa taibhiú agus labhair sí le RTÉ.ie/Gaeilge faoin dráma agus faoin mbailiúcháin ealaíne féin.

Seoirsín Bashford ar stáitse in 'Ní Liomsa an Teach Álainn seo'.

Cé hiad Cult Collective, cad iad na spriocanna agaibh?

"Is comhlacht drámaíochta muid atá lonnaithe i gCill Chainnigh agus an sprioc atá againn ná deiseanna ealaíne a chur ar fáil in oirdheisceart na hÉireann trí imeachtaí a chur ar siúl ina mbíonn deis ag daoine ealaín a roinnt, cibé cineál ealaíne atá ann go háirithe ealaín ina mbíonn léiriú ag tarlú."

"Anois, mar shampla tá dráma ar siúl ach bíonn deiseanna scríbhneoireachta ann chomh maith ach faoi láthair tá Cult Collective ag obair ar dráma."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Inis dom faoin dráma, 'Ní Liomsa an Teach Álainn Seo'?

"Is dráma é atá dírithe ar chúrsaí LADTA, ionannas agus firinscneacht chomh maith. Agus baineann sé úsáid as an tarbh ón Táin Bó Cuailgne chun na rudaí sin a phlé."

"Agus cé go bhfuil na cúrsaí sin dáiríre agus tábhachtach, bíonn greann ann chomh maith trí fhirinscneacht nimhiúil a cheistiú. Ach ag an am céanna is scéal cineál mothúchánach é mar go bhfeicimid ceann de na príomh charachtair ag iarraidh a mbaile a aimsiú iontu féin."

Bhfuil an tarbh ann go siombalach mar an ghné fhirinscneacht nimhiúil?

"Go díreach é. Bíonn pearsantacht firinscneach nimhiúil acu agus mar sin bíonn dhá phríomhcharachtair ann ach iad léirithe ag duine amháin, mé féin."

"Téann siad ón charachtair seo atá ag ceistiú inscne agus ag iarraidh an baile a aimsiú iontu féin agus ansin an tarbh, an Táin Bó Cuailgne, atá mar fhear nimhiúil, is dócha."

Tá na miotais an-úsáideach le tumadh isteach sa bhfirinscneacht sin, cé is moite de Niamh Chinn Óir nó Deirdre – gur caitheadh do dona léi – bhí na mná i gcónaí thíos leis i ndomhain an-fearúil?

"Sin é, agus ní ionann sin agus a rá nach mbíonn aon streachailt ag na fir sna scéalta chomh maith. Léiríonn an dráma go mbíonn rudaí ag tarlú le linn Táin Bó Cuailgne; leithéidí deartháireacha Cúchulainn agus Ferdia, agus an croitheadh agus an bhrón a bhaineann leis sin."

"Ach ag an am céanna an chaoi go mbíonn an fhirinscneacht ann mar bhac ar déileáil leis na mothúcháin leis an scéal sin agus pléann an tarbh leis sin chomh maith."

Bhí sé de cheart agam Banríon Maedhbh a lua chomh maith i measc na gcarachtar mná cróga láidre ach seans go raibh nimh éigin inti féin ach ní phléifimid anseo inniu é sin, ná ról an tarbh bhocht nach raibh uaidh ach giota beag féarach a ithe ach go raibh saint ag gach éinne lámha a chur air. An mbeidh sibh ar cham cuaird leis an dráma?

"Beidh, beidh sé ar siúl in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath ar an 17ú agus 18ú Aibreáin. Beimid ag taisteal go Learpholl agus Amharclann Shakespeare North Playhouse ar an 8ú agus 9ú Bealtaine agus ansin oíche amháin i gCill Chainnigh ar an 29ú Bealtaine san Amharclann Watergate."

Breis eolais faoi 'Ní Liomsa an Teach Álainn Seo' agus Cult Collective anseo.