Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta Scéim Fiontar Pobail 2025 a fhógairt, scéim a chuirfidh tacaíocht airgid ar fáil do Choistí agus do Ghrúpaí Pobail sa Ghaeltacht chun tionscnaimh forbartha agus fiontair pobail a chur ar bun.
Cuirfear deontais suas le €3,000 ar fáil ag ráta 75% den chaiteachas incháilithe, cibé acu is lú, do thionscadail i réimsí éagsúla lena n-áirítear:
- Forbairt áiseanna agus seirbhísí áitiúla, timpeallacht, pobail agus turasóireachta
- Forbairt na Gaeilge mar theanga pobail
- Fiontraíocht shóisialta

"Tá na tacaíochtaí a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil don earnáil fiontar shóisialta thar a bheith luachmhar agus muid ag iarraidh cumhacht a thabhairt do phobail na Gaeltachta a dtodhchaí féin a mhúnlú trí thograí nuálacha a fhorbairt a théann chun tairbhe don phobal trí chéile," a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Teanga ag Údarás na Gaeltachta.
Is féidir le heagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú ar bhunús daonlathach agus atá ionadaíoch don phobal áitiúil iarratas a dhéanamh ar an scéim seo.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Ní mór d'iarratasóirí foirm iarratais a líonadh go cuí, meastacháin scríofa ar na costais a chur ar fáil, agus cóip de Bhunreacht nó Meamram & Airteagail na hEagraíochta a sholáthar.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbeidh tacaíocht ar fáil d'fhiontar a bhfuil maoiniú Stáit ar fáil dóibh faoi aon scéim deontais eile, agus nach n-íocfar aon deontas i leith caiteachais atá déanta roimh dháta ceadaithe an deontais.