skip to main content

3 Bhláth Fhiáine le Blaiseadh i mí Aibreáin

Glaschreamh - gairleog fhiáin.
Glaschreamh - gairleog fhiáin.

Tá plandaí an Earraigh faoi bhláth arís agus is iomaí ní blasta atá le haimsiú ina measc - dóibh siúd a bhfuil fios a ngnó acu.

An Chaineann: níl fáil forleathan uirthi, faraor.

Seo a leanas roinnt plandaí fiáine coitianta atá ag fás ar fud na hÉireann faoi láthair, a thabharfaidh do chuid cócaireachta chuig leibhéal eile, nó a bheidh ina sneaic beag deas duit an chéad uair eile a rachaidh tú ag siúl.

Is mór an spórt é bia fiáin a bhailiú agus a bhlaiseadh ach ní mór a bheith cúramach i gcónaí agus a bheith iomlán cinnte go bhfuil an planda ceart agat sula n-úsáideann tú planda ar bith.

Creamh (Allium ursinum)

Tá muintir na tíre seo ag bailiú agus ag ithe creamha ó na cianta cairbreacha. Seo í gairleog dhúchasach na hÉireann agus tá na duilleoga dúghlasa seo le feiceáil i gcoillte ar fud na tíre faoi láthair.

Is iomaí feidhm atá ag an bplanda, nach bhfuil chomh láidir céanna leis an ngairleog a fhaightear sa siopa. Is féidir é a ithe amh, peisteo a dhéanamh de, é a chur le hanraith, nó a úsáid bealach ar bith eile a d'úsáidfeá an gnáthghairleog.

Creamh - tiubh ar an talamh.

Tagann bláthanna aoibhne ar an bplanda ó dheireadh mhí Aibreáin amach ar cosúil le réalta beaga bána iad. Is blasta iad seo freisin, agus iad galánta ar fad ar bharr sailéid, nó babhla anraith.

Is fiú a thabhairt faoi dearadh go bhfuil dhá phlanda fhiáine eile sa tír seo a dtugtar 'gairleog fhiáin' orthu freisin go háitiúil; an glaschreamh (Allium triquetrum) agus an chainneann (Allium ampeloprasum var. Babingtonii) agus is féidir iad seo a úsáid ar an gcaoi chéanna leis an gcreamh.

Tógadh an glaschreamh isteach go hÉirinn cúpla céad bliain ó shin agus scaip sé ó ghairdíní amach san fhiántas.

Bláthanna gleoite ar an nGlaschreamh.

Tá sé éasca an bláth a aithint, óir go bhfuil sí an-chosúil leis an gcloigín gorm (hyacinthoides non-scripta), ach amháin go bhfuil dath bán ar na bláthanna.

Níl an chainneann leath chomh fairsing, agus í le haimsiú ar na hOileáin Árainn agus sa Bhoireann go príomha, áit ar thóg manaigh an planda isteach mar fhoinse bia na blianta fada ó shin.

Sabhaircín (Primula vulgaris)

Ní mórán daoine nach bhféadfadh an sabhaircín aoibhinn buí a aithint, ach is beag duine a bhíonn ar an eolas gur féidir na bláthanna seo a ithe. Tá blas éadrom, milis ar an sabhaircín a thaitneoidh le hóg agus aosta. Chuige seo, tá siad foirfe le haghaidh cácaí a mhaisiú, nó le meascadh trí shailéid.

An Sabhaircín: blas éadroim, mhilis uirthi.

Bí cinnte na bláthanna a phiocadh in áit ghlan, gan níos mó ná aon trian den mhéid a fhásann ar aon phlanda a thógáil, agus gan na bláthanna a ní sula n-itheann tú iad.

B’fhéidir go gcuirfidh an treoir dheireanach anseo mearbhall ort, ach má ghlanfar na bláthanna, glanfar an phailin agus an neachtar ón mbláth agus caillfear an blas.

Is fearr súil ghéar a chaitheamh orthu sula dtógfaidh tú abhaile iad chun a chinntiú nach bhfuil aon fheithid taobh istigh, agus má tá créatúr ar bith sa bhláth, fág iad agus an bláth san áit a bhfuair tú iad agus triail planda eile. Tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin!

Caisearbhán (Taraxacum vulgaria)

Ní fios cé mhéad úsáid a bhaineann le rí na bhfiailí; an caisearbhán. Is planda ríthábhachtach é seo don bhithéagsúlacht dar ndóigh, óir go dtugann siad neachtar luath agus cothú do na beacha sula mbíonn mórán bláthanna eile ar fáil agus is breá leis na héin na síolta a ithe freisin.

Caisearbháin, cáiliúil mar comhábhar dheoch Dandelion and Burdock.

Is féidir leis an duine daonna na plandaí seo a ithe chomh maith céanna, dar ndóigh. Tá peitil gheala an phlanda inite agus ar nós an tsabhaircín, is álainn iad mar mhaisiúcháin ar chácaí agus sailéid.

Bealach eile le ceann an bhláth a ithe, ná iad a chur síos i bhfuidreamh pancóg agus na bláthanna a chócaráil ar an bpanna chun friochtóga blasta a dhéanamh.

Níl RTÉ.ie/Gaeilge ag moladh beoireach, níl anseo ach eiseamláir den deoch dá ndéanamh.

Is féidir duilleoga an chaisearbháin a ithe freisin agus tá blas ar geall é le ruachán (rocket) orthu a chuireann go mór le ceapairí agus le sailéid. Agus an meall mór ar deireadh, is féidir fréamhacha an chaisearbháin a chur chun feidhme go fiú, ach iad a bhaint san fhómhar, iad a ghlanadh agus a róstadh go mall chun ‘caife’ na gcaisearbhán a dhéanamh!

Is mór an spórt é bia fiáin a bhailiú agus a bhlaiseadh ach ní mór a bheith cúramach i gcónaí agus a bheith iomlán cinnte go bhfuil an planda ceart agat sula n-úsáideann tú planda ar bith.

Bláth an Chaineann oscailte.

Seo a leanas roinnt moltaí leabhar a chuirfidh treoir ort agus tú ag tosú amach;

  • Eolaí Póca, Luibheanna Leighis, Pamela Forey agus Ruth Lindsay.
  • The Wildflowers of Ireland: A Field Guide, Zoe Devlin.
  • The Wild Food Plants of Ireland: The Complete Guide to their Recognition, Foraging, Cooking, History and Conservation, Tom Curtis & Paul Wheelan.
  • The Forager’s Calendar, John Wright.
  • Food for Free, Richard Mabey.