Beidh na Cnocadóirí ag triall ar Chnoc Rí i gCill Mhantáin an Domhnach beag seo le tairbhe a bhaint as an dea-aimsir Earraigh atá ar lean le siúlóid mheánach - bealach iontach le tráthnóna a chaitheamh i gcomhluadar Gaeilge faoin dtuath.
- Siúlóid Sléibhe Mheánach: Cnoc Rí, Crón, Tóin Dubh, Málainn
- Fad na siúlóide - 16 km
- Dreapadh - 700 m
- 5 uair an chloig ag siúl.
- Tús na siúlóidí: Carrchlós 200m tar éis Bhrú Chnoc Rí. (Tagairt eangaí – O 189 149, nó N53.1716, W6.2227)
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Deaglán Ó Néill
Uimhir Theagmhála: 086 190 2613
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag an seoladh seo, nó le Deaglán .
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Ag teacht ó Áth na Sceire tóg an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Tar éis 2.8 km cas fó chlé. Lean comharthaí Knockree Hostel. Tar éis 1.0 km tóg an casadh géar ar dheis agus lean an bóthar sin ar feadh 1.6 km agus beidh an carrchlós ar an taobh clé 200 m tar éis bhrú Knockree.
Nó
Ag teacht ón mBóthar Míleata (R115), cas fó chlé ar an L1011 i dtreo Ghleann Crí agus cas fó dheis tar éis 5.3 km ar an Slí Chualann Nua. Tá an carrchlós ar an taobh deas tar éis 2.4km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
Agus bí cinnte go bhfuil tú feistithe i gceart - féach anseo.
Chomh maith leis sin beidh Siúlóid Oidhreachta faoin Port Thiar agus an ceantar máguaird cois cuan Bhleá Cliath ar siúl Dé Satharn beag seo 5 Aibreáin ag 11r.n. mar chuid d'Fhéile Ealaíon na Cúig Lóchrann (Five Lamps Arts Festival).
Beidh an tsiúlóid seo thart ar 2.5km ar fhaid a mharfaidh uair an chloig go leith, a thosófar agus a chríochnófar ag Ionad Pobail Sheáin Uí Chathasaigh (Seán O'Casey Community Centre).
Teacht le Chéile: Lasmuigh d'Ionad Pobail Sheáin Uí Chathasaigh, 18-26 Bóthar Naomh Muire Thuaidh, BAC 3, D03 AY74.
Treoraí: Breandán Mac Aoidh, a bhfuil an-eolas aige ar ailtireacht agus ar stair an cheantair.
Tá ticéid ar fáil, saor in aisce, ar EventBrite ag an NASC SEO.
Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag cnocadoiri@yahoo.com nó le Breandán.