'Cailíní Comhraic', is an inspiring 3-part observational documentary series that shines a spotlight on the Irish women breaking boundaries in combat sports.
Corcaíoch í an réalta óg Rosa Walsh, agus beimid léi sa Chróit ag na trialacha Eorpacha sa Jú-Jiotsú Brasaíleach, áit a mbeidh sí ag troid dá céad chraobh dhomhanda.
When she's not competing, she travels all over the world teaching Brazilian Jiu Jitsu seminars.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le trodaí Jiu Jitsu Bhraisíleach, Rosa Walsh, faoin neart gur gá a bheith agat tar éis gortaithe.

Cad é an difríocht idir Brazilian Jiu Jitsu agus an bhun ealaín a thagann ón tSeapáin?
"Bhuel tháinig an bun Jiu Jitsu ón tSeapáin agus 60 nó 70 bliain ó shin chuaigh clann ón Braisíl go dtí an tSeapáin chun é a fhoghlaim agus nuair a tháinig siad ar ais ón tSeapáin d'aistrigh siad é."
"Chuireadar a rudaí féin isteach sa bhun spórt. Anois tá sé ar cheann de na spóirt atá ag fás go han-tapaidh timpeall an domhain."
"Tá sé in go leor scoileanna, in Dubai agus Abu Dhabi, agus ag feabhasú gach aon bhliain. Mar sin tháinig sé ón tSeapáin ach tá an Brazilian Jiu Jitsu mar an gcéanna le cúpla rud breise ann a chur Clann Gracie leis."
Mar imreoir nó trodaí BJJ gairmiúil, caithfidh tú aire a thabhairt don dá eilimint díot féin, an neart fisiciúíl agus an neart mheabhrach; má ghortaítear tú – agus gortaítear tú sa sraith seo clár telefíse – caithfidh tú foighne a bheith agat go gcneasaíonn an gortú ach níos mó na sin, fiú, caithfidh neart mheabhrach a bheith agat fad is atá tú ag feitheamh ar filleadh?
"Definitely. Nuair a bhí mé gortaithe bhí mé brónach ach an rud is deacaire ná gan a bheith ag dul ag traenáil. Sin an rud a chuireann an méid is mó brú orm mar bhíos ag ceapadh 'ó tá mé ag dul in olcas’, ‘ní bheidh mé in ann troid a fháil tar éis an gortú’ agus a leithéid."
"Ach leis an tacaíocht a bhí agam ó mo chairde, ó mo chlann, ó spórtanna eile a rinne mé iarracht a thosnú ar nós judo, yoga agus ag dul go dtí an gnáth gym. Tar éis sin bhí mo dhomhain cineál scaipthe, ní raibh sé dírithe amháin ar Jiu Jitsu."
"Bhí mé gortaithe ach nuair a tháinig mé ar ais, ní raibh mé chomh obsessed leis an spórt! Mar bhí mé obsessed i slí an-olc."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Mar sin chabhraigh sé sin – díriú ar rudaí eile – le do mheabhair sláinte?
"Sea, ba chabhair é."
Caithfidh tusa do thraenáil a dhéanamh le fir amháin toisc nach bhfuil mná eile ar chomh-caighdeán leat, an mbeadh spéis agatsa amach anseo do chlub Jiu Jitsu féin a bhunú do chailíní óga agus mná?
"Bhuel chuaigh mé go dtí an ollscoil le bheith im mhúinteoir corpoideachais, mar sin tá a lán scileanna agus taithí ó bheith á mhúineadh. Deinim a lán seimineár timpeall an domhain mar sin is féidir liom é a dhéanamh."
"Nuair atáim críochnaithe leis an gcomórtas smaoineoidh mé níos mó ach faoi láthair bím ag múineadh dhá uair sa tseachtain i mBaile Átha Cliath agus sin an méid is mó is féidir liom a chaitheamh air faoi láthair."
Féach siar ar chlár 1 agus 2 de Chailíní Comhraic anseo.
'Cailíní Comhraic' will broadcast on 7 April at 8pm on RTÉ ONE and on the RTÉ Player.