skip to main content

Seó a chuidíonn le daoine atá ag iarraidh saol nua a chruthú trí bhogadh tí

Tá paisean láidir ag Emer Mhic an Fhailí cleamhnas a dhéanamh idir ceannathóirí tí agus na tithe is oiriúnaí dá bhfuil ann dóibh.

Sa tsraith nua seo de Bhog Amach, tugann sí lánúin, teaghlaigh agus daoine atá ag ceannach tí den chéad uair léi ag amharc ar thithe breátha in áiteanna áille ar fud na tíre ar fad agus iad sa tóir ar theach atá foirfe dóibh.

We meet first-time buyers trying to get onto the property ladder; a couple looking to make the big move from the U.S.A. to the Donegal Gaeltacht and we visit one of the most competitive and hottest property markets, Dublin. Our property seekers have given Emer their wish list for their perfect home and it is up to her to make their dream come true, a challenge she relishes!

Bhfuil an forever-home aimsithe ag Emer do Rhys agus Mícheál?

Sa chéad eagrán dírimid ar Rhys agus Mícheál atá sa tóir ar a gcéad teach le chéile laistigh de thiomáint 30 nóiméad go Béal Feirste. An féidir leis an seó cabhrú leo lena n-aisling faoi láthair shíochánta ach
inaistrithe go dtí an chathair?

Buaileann muid le saineolaí tithíochta i ngach clár, ó dhlíodóirí go gníomhairí eastáit go hailtirí,
faigheann Emer comhairle a leasa chomh maith leis na nodanna is fearr dá bhfuil acu le teach
a cheannach. An raibh mearbhall ort riamh faoi dleachta stampa?

Nó na deontais ar fad atá ann le feabhas a chur ar theach? Faigheann Emer na freagraí!

Emer ag caint leis an ailtire Séamus Bairéad.

Tá sprioc amháin ag croílár 'Bhog Amach' - saol sona sásta suaimhneach sa teach ídéalach
dúinn féin.

Bíodh gur teach bán aoldaite é sin inar féidir tonnta an Atlantaigh a chloisteáil ag
briseadh ar thrá in aice láimhe, buntáistí na cathrach a bheith ar leac an dorais agat, nó teach
atá réidh le bogadh isteach ann láithreach le caibidil nua a thosú le do theaghlach óg.

Episode 1 of Bog Amach will be broadcast on RTÉ One and the RTÉ Player on 7 April, 20:30