skip to main content

Ceardlanna COGG le dul i ngleic le dúshláin scoileanna

Jacqueline Ni Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG, ag an gComhdháil anuraidh. 
PIC: Conor Ó Mearáin.
Jacqueline Ni Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG, ag an gComhdháil anuraidh. PIC: Conor Ó Mearáin.

Fís, Fás, Forbairt agus Feasacht! : Réimse leathan ceardlanna dea-chleachtais á reáchtáil ag COGG chun tacú le ceannairí scoile an lámh in uachtar a fháil ar go leor de na dúshláin atá roimh an earnáil lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal faoi láthair.

Séard is ea COGG ná An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, a bunaíodh in 2002 faoi choimirce na Roinne Oideachais.

I measc na sainchúram atá ag COGG is ea; soláthar téacsleabhar, acmhainní agus seirbhísí taca do scoileanna trí Ghaeilge, maoiniú agus éascú taighde ar gach ábhar gaolmhar soláthar comhairle agus faisnéise don Aire Oideachais agus don CNCM ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar mhúineadh na Gaeilge.

Baill bailithe ag Comhdháil An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Óstán na Páirce, An Muileann gCearr anuraidh. PIC: Conor Ó Mearáin.

Tacú le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta

Ag an gComhdáil sa Mhuileann gCearr ar an 2 agus 3 Aibreán, fógróidh COGG sraith de thacaíochtaí nua d'iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chabhróidh leo leanúint lena gcuid oibre ag soláthar oideachais ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge.

I measc na dtacaí nua atá á bhforbairt ag COGG chun tacú le hiar-bhunscoileanna tá:

Tacaíocht ionscoile do mhúinteoirí: Cuirfear tacaíocht ionscoile ar fáil do mhúinteoirí i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta le cur lena gcuid scileanna teanga agus cruinnis i gcomhar le Gaelchultúr. Cuirfear 6 uair an chloig tacaíochta ar fáil do scoileanna a léiríonn spéis sa tionscnamh seo thar thrí thréimhse dhá uair an chloig.

Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach COGG.

Campaí Samhraidh/ Sealbhaithe Teanga: Beidh maoiniú á thabhairt ag COGG agus ag Údarás na Gaeltachta d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun campaí samhraidh a reáchtáil sna scoileanna a thacóidh le páistí san aistriú ó rang 6 sa bhunscoil go dtí an chéad bhliain san iar-bhunscoil.

Feachtas poibíochta agus ardú feasachta ar na buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas ag an dara leibhéal: Le cabhair Lorg Media, gníomhaireacht mhargaíochta, tá COGG ag tacú le ceannairí scoile na buntáistí suntasacha éagsúla a bhaineann leis an tumoideachas a léiriú go héifeachtach do thuismitheoirí, do scoláirí agus d’earnáil an oideachais i gcoitinne trí shraith gearrfhíseán a chur ar fáil a mbeidh scoileanna in ann úsáid a bhaint astu.

Tá Lorg Media i mbun taifeadta sna scoileanna le roinnt seachtainí anuas agus léireofar an chéad fhiseán sa tsraith ag an gComhdháil.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Acmhainní nua teagaisc agus foghlama: Léireofar forbairtí nua i réimsí na dtéacsleabhar, suíomh nua idirlín don Eolaíocht sa tSraith Shóisearach, Clubanna leabhar COGG atá ag feidhmiú anois i 25 iar-bhunscoil agus na hacmhainní nua atá ar fáil ar ardán digiteach COGG – An Tairseach a bhfuil os cionn 2,500 acmhainn ar fáil uirthi don ghaeloideachas ag an dá leibhéal.

Acmhainní nua teanga: Cuirfear eolas ar fáil faoi acmhainní nua tacaíochta teanga: Dialann an Mhúinteora agus Acmhainn Saibhris agus Cruinnis do scoláirí mar aon le forbairtí nua ar Foghlaim TG4 agus Tuairisc.ie.

Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, duine d'aoíchainteoirí i mbliana.

Ag labhairt roimh an gComhdháil, dúirt Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG:

'Is tréimhse chinniúnach í seo d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge na tíre agus tá an Chomhdháil seo thar a bheith tráthúil agus an Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar íor na spéire.

Tá sé níos tábhachtaí ná riamh mar sin deis a bheith ag lucht bainistíochta na scoileanna teacht le chéile chun dea-chleachtas a roinnt agus deiseanna líonraithe a fhorbairt.

I measc na n-aoíchainteoirí ag an gComhdháil, beidh Alan Esslemont (Ard-stiúrthóir TG4), Tomás Ó Ruairc (Leas-Rúnaí Cúnta leis an Roinn Oideachais), Tomás Ó Síocháin (Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta) agus John Hayes (Iar-Phríomhoide ón mBreatain Bheag) a roinnfidh a thaithí mar phríomhoide san earnáil tumoideachais le príomhoidí na hÉireann.

Leag Cathnia Ó Muircheartaigh (Cathaoirleach COGG), béim ar leith ar an gcomhoibriú agus ar an gcumarsáid idir scoileanna. Ag aithint na gcomhthéacsanna uathúla atá ag na scoileanna go léir, mhol sé an chomhpháirtíocht agus an obair as lámha a chéile:

‘Tá comhthéacs gach scoil Ghaeltachta, gach Gaelcholáiste agus gach Aonad, éagsúil, ach mar sin féin, tá na riachtanais chéanna againn go léir. Le chéile, is féidir linn todhchaí níos gile a chruthú don Ghaeilge agus dár bpáistí. Le chéile, is féidir linn an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú.’