skip to main content

Mná Misniúla na hÉireann - Cailíní Comhraic #2

Is as Corcaigh ó dhúchas Christina Desmond, agus is ball seanbhunaithe d'fhoireann Oilimpeach dornálaíochta na hÉireann í. Tá sí ar a dícheall áit a bhaint amach ar an bhfoireann náisiúnta do Chluichí Oilimpeacha 2028.

Sa chlár seo, tá uair na cinniúna buailte le gairm dhornálaíochta Christina nuair a inseofar di ar bhain sí áit amach ar an bhfoireann Oilimpeach.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Christina fén mbóthar a thóg anseo í agus fén spriod a thiomáineann í.

Cad a thug i dtreo na dornáilíochta an chéad lá tú?

"Bhuel bhíos ag imirt a lán spóirt nuair a bhí mé óg, ag déanamh rince Gaelach agus ag imirt peile Gaelach don chlub áitiúil, Naomh Abán, agus tá cúpla agam, Mícheál is ainm dó agus thosaigh sé ag dornáilíocht nuair a bhí sé, bhuel, nuair a bhíoMAR, is dócha, bliain déag d'aois sa chlub áitiúil i Maigh Chromtha, agus ba mhaith liom gach rud a dhéanamh cosúil le Mícheál, mar sin chuaigh mé ag dornáilíocht leis.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

"Ar dtús ba don aclaíocht a bhí sé ar siúl agam, don pheil agus mar sin de agus an sin chuaigh mé go dtí na comórtaisí agus nuair a bhí mé trí bliana déag d'aois chuireas isteach i gCraobh na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus bhuaigh mé é. Ó shin táim tar éis 19 teideal Éireannach a fháil." (That’s right folks – 19!)

"Faoi aois agus thar aois."

Is léir go bhfuil dua agat ann agus bua agat dó ach cad a thiomáineann tú cloígh leis?

"Bhuel mar a dúirt mé bhíos i gcónaí ag imirt spóirt ach an rud is maith liom fén dornailíocht agus an brú a bhí ann domsa ná go raibh mé sa fáinne liom féin agus má bhíonn an bua agam nó nuair a chaill mé ba domsa a bhí sé, dom féin a bhí mé ag buachaint."

"Agus bhí mé ag déanamh go maith in san dornáilíocht, ní raibh aon dornálaí thart orm sa bhaile, bhí mé difriúil, mar sin ba shin é an brú ba mhó a bhí agamsa agus sin an fáth go bhfuilim anois gafa leis an dornáilíocht."

"Tháinig gach bliain go tapaidh ceann i ndiaidh a chéile agus bhí sé deacair stopadh ansin!"

Christina tar éis di bonn airgead a bhaint in aghaidh Melissa Gemini na hIodáile i 2022.

Is maith linn ar fad a bheith go maith ag rud éigin, ach an gá duit an leibhéil a ardú anois chun na cluichí Oilimpeacha a bhaint amach?

"Táim ag an leibhéil Oilimpeach mar go bhfuilim tar éis dornáilíocht i gcoinne cailíní atá tar éis cluichí Oilimpeacha a bhuachaint agus bonn difriúla a fháil sna cluichí ach tá sé deacair an leibhéal sin a choiméad agus táim ag obair ag an am céanna."

"Beidh orm dul ar ais ag traenáil go lán-aimsire ach níl a fhios agam anois cad a dhéanfaidh mé. Bhfuil mé le fanúint go dtí cluichí Oilimpeacha 2028? Mar ní raibh aon plean agam go dtí seachtain nó dhó ó shin mar ní raibh sé cinnte go mbeadh siad sna cluichí Oilimpeacha i 2028. Tá siad ann anois mar sin caithfidh mé cinneadh a dhéanamh anois!"

Cailíní Comhraic #2, Dé Luain 31 Márta ag 8pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.