Ag ócáid a d'eagraigh Coláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí i gColáiste na hOllscoile Bhleá Cliath inné bhí plé leathan ann fé na meáin Ghaeilge; a dtionchar is an todhchaí. Bhí rud amháin soiléir i measc an phlé - go bhfuil breis mhaoinithe de dhíth.
Faoi stiúir Máistir Shearmainnis, Áine Ní Bhreisleáin, cuireadh fáilte roimh an lucht féachanna ag Uachtarán Choláiste na hOllscoile, agus ón Ollamh Regina Uí Chollatáin, Príomhaí Choláiste na nEalaíon is na nDaonnachtaí.
Tugadh radharc don slua bailithe ar Podchraoltaí na Gaeilge ó Jennifer Goggin, feidhmeannach clúitiúil digiteach san Astráil, agus ó Chiarán Dunbar, Podcraoltaí Mediahuis, faoi na deiseanna agus féidireachtaí atá ann dos na meáin Ghaeilge san earnáil seo.

Roinn Jennifer na bun rudaí gur gá bheith dírithe ortha agus podcraoladh á bhunú - taighde a dhéanamh ar a bhfuil ann cheana féin, tuiscint a bheith agat ar ché ar a bhfuil an podcraoladh agat dírithe, eochair chlibeanna cuí a chur leis chun an táirge na hinnil chuardaigh a mhealladh agus aird a tharraingt air.
Dhein Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta, tagairt don bua againne Gael agus Éireannaigh mar scéalaithe mar bhuntáiste ach a bheith ciallmhar fé mar atáthar ag iarraidh gach éinne a shásaimh seachas baint de réir na mine.

An téama chomónta a ba léir ó chainteanna a thug Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí na Gaeilge in RTÉ, Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Alan Esslemont, Ard Stiúrthóir TG4 (atá ar tí a fhágaint) ná ceist na maoinithe agus é bheith ar an ngannchuid.
Luagh Esslemont ach go háirithe go raibh deiseanna ann d'fhorbairt TG4 ach an scála a leathanú go mór; sé a thuairim ná go mbeadh infheistiú €50 milliúin nó mar sin thar tréimhse an rialtais reatha de dhíth leis an fhorbairt sin a thabhairt go ceann scríbe. Bheadh seomra nuachta neamhspleách ón eagras chomh maith le 'public sphere' a thógáil, sé sin branda an stáisiúin a chur os comhair an phobail.
Dhein Eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, ceist na maoinithe don ábhar chlóite ach go háirithe a lua, de bharr go bhfuil sé in áit na leathphingine i gcomparáid leis na meáin eile i gcoitinne.
Tá an Fóram ar siúl arís inniu le grúpaí eile ag freastal.