Tá Caoimhe Ní Shúilleabháin tar éis teacht ar choinceap ana-shimplí deis foghlama Gaeilge a thabhairt do dhaoine fé scáth dúlra Chill Mhantáin le Scoil na Sléibhte; tumadh sa teanga le ranganna agus siúlóidí staire i ngairdín na hÉireann le Fuiseog.
Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Caoimhe faoin bhfoinse as ar eascair an smaoineamh deireadh seachtaine Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine gur spéis leo comhluadar agus cumarsáid Ghaeilge níos deise a bheith acu.
"An rud a spreag é is dócha ná go bhfuil mise ag obair go páirtaimsearach fé láthair le Cill Dara le Gaeilge, grúpa pobail atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobail. Eagraíonn muid leithéidí ciorcal comhrá, rangannaí agus imeachtaí do dhaoine óga agus buailim le daoine an t-am ar fad a deir nach bhfuil na deiseanna cainte ann dóibh, gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge."

"Rinne an chomhlacht Amárach i dteannta le Gaelchultúr, suirbhé anuraidh a léirigh go raibh aiféala ar 66% de na daoine ar cuireadh an cheist orthu nach raibh a gcuid Gaeilge níos fearr. Mar sin tá an toil ansin ach is cosúil nach bhfuil na deiseanna ann."
"Agus dar ndóigh is trus fada é chun na Gaeltachta agus is infheistíocht mhór airgead agus ama atá ann dul ann, bfhéidir, ar feadh seachtaine. Is as na rudaí sin a d'fhás an smaoineamh do Scoil na Sléibhte."
"Deis is ea é do dhaoine iad féin a thumadh sa teanga ar feadh deireadh seachataine. Tiocfaidh siad Dé hAoine agus beidh dinnéar ann, ansin rangannaí maidin Shatharn agus maidin Dé Domhnaigh. Beidh turas staire timpeall na háite – is ceantar álainn é sléibhte Chill Mhantáin, an cheantair ina bhfuil cónaí orm. Beidh gach éinne i gcomhluadar Gaeilge an t-am ar fad, tumtha sa teanga. D’éirigh liom fiú beirt bhean a tí a aimsiú sa cheantar a bhfuil Gaeilge acu, mar sin beidh Gaeilge ann ag an mbricfeasta freisin."

"D’fhoghlaim mise Spáinnis mar dhuine fásta ar chúrsa i sléibhte Asturias na Spáinne. Ar maidin bhí rangannaí againn agus tráthnóna bhíomar ag siúl sna sléibhte agus shíl mé gur bealach iontach é leis an teanga a shealbhú agus feabhas a chur ar an teanga."
"Ar maidin bíonn tú ag díriú ar an ngramadach agus struchtúr na teangan ach tráthnóna bíonn an deis agat cumarsáid a dhéanamh."
"Sin an rud is tábhachtaí ag deireadh lae, is rud cumarsáideach iad teangacha. Sin an sprioc mar sin, an deis sin a thabhairt do dhaoine."
"D’oirfeadh sé go mór do dhaoine i gCúige Laighean, nílimid i bhfad ó Bhleá Cliath anseo, é a dhéanamh níos éasca do dhaoine ar phraghas réasúnta."

Mar sin 'Gaeltacht Chill Mhantáin’ cruthaithe agat nó an chéad chaibidil ag Gaeltacht Chill Mhantáin tosaithe. Conas gur i gCill Mhantáin atá tú ag cur fút?
"Bhuel rugadh agus tógadh mé ar an taobh eile den chondae in aice na farraige sna Clocha Liath ach is as ceantar na sléibhte do mo mháthair. Agus bhí an-spéis ag mo shean-tuismitheoirí sa teanga agus ag mo thuismitheoirí féin mar sin is dócha gur cuireadh síol na Gaeilge ag an bpointe sin. Bhí mé sa Bhruiséil ar feadh 3-bliana-déag agus d’fhill mé ar Éireann trí bliain ó shin go teach agam sna sléibhte, an áit ar rugadh mo shean-athair féin. Bhí cineál tarraingt na hoidhreachta ansin. Áit álainn í."

"Tá mé ag obair le Cill Dara le Gaeilge agus bheith ag obair le pobal na Gaeilge tar éis bheith ag obair le blianta ag aistriú, ardaíonn sé mo chroí, is breá liom é. Tá an-tábhacht leis an aistriúcháin agus leis an obair atá ar siúl sa Bhruiséil – is leibhéal eile é go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim leis na teangacha oifigiúla eile san Aontas ach is deas bheith sa bhaile agus bheith ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh."
"Agus bhí an deis agamsa mo shaol oibre ar fad ag obair leis an teanga agus feicim anois nach rud gnáthach é sin go pointe. Ní raibh an oiread sin deiseanna ann nuair a thosaigh mise ag obair ach tá níos mó deiseanna anois ann toisc go bhfuil leithéidí na grúpaí pobail ann, ach chomh maith leis sin go bhfuil an dea-thoil ann."
"Braithim go bhfuil sé athruithe go mór ó d’fhág mé, go bhfuil daoine i bhfad níos dearfaí faoin teanga. Táim ag iarraidh tógáil air sin agus na deiseanna, mar a dúirt mé, a thabhairt do dhaoine úinéireacht a ghlacadh iad féin ar an rud agus seachas a rá go bhfuil aiféala orthu gur féidir leo anois rud éigin a dhéanamh chun iad féin a thumadh sa teanga.
"Le teanga a sealbhú, sin an bealach is fearr len é a dhéanamh."
Gach eolas le fáil ag fuiseog.org