skip to main content

Éanna Corr: scéal a dhíríonn ar dhúshlán agus cinnithe déagóirí

Téamaí uilíocha an chairdeas agus an choibhlint atá idir lámha in Éanna Corr le Antain Mac Lochlainn, Leabhar na Míosa á phlé ag an údar Meadhbh Ní Eadhra agus ag an múinteoir meánscoile agus eagarthóir Lydia Uí Ruairc ar an gclár An Cúinne Dána inniu.

Éanna Ó Corra is a person living on the margins of life. Alone among the other pupils in Pobalscoil na Carraige. An odd bird, as him name suggests. But Éanna's story takes a turn when a new student arrives at the school.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Antain Mac Lochlainn faoi.

Scéala teacht in inmhe, atá anseo, ag an brpíomh-charachtar, Éanna - cad as a bhfuair tú guth an déagóra?

"Is dócha go mbíonn gach scríbhneoir ag cuimhneamh siar ar an am a bhí siad óg. Ní inniu ná inné é sin i mo chás féin, ach tréimhse chinniúnach i saol gach duine a bhíonn ann agus coinnítear cuimhne air."

"Bíonn scríbhneoirí ag tarraingt ar an fhoinse sin go minic, is cuma cén t-aoisghrúpa a bhfuil siad ag díriú orthu. Agus na rudaí is mó atá de dhíth ar Éanna – cairdeas, meas a bheith ag daoine eile air, cuspóir a bheith ina shaol – sin díreach na rudaí a bhíonn de dhíth ar dhaoine fásta chomh maith."

Tá ceacht ann don déagóir a léann é fé bheith féin-mhuiníneach - arbh shin an príomh-sprioc agat?

"Tá súil agam gur sheachain mé ceachtanna ná teagasc! Ach, cinnte, tá an neamhspleáchas i gcroílár an scéil seo, gan géilleadh do thuairimí daoine eile agus meon ceisteach a bheith agat i gcónaí."

"An scríbhneoir Conallach, Seosamh Mac Grianna, scríobh sé, 'B'fhearr liom a bheith corr ná a bheith ceangailte.’ Is dearcadh iontach folláin é sin, dar liom. Faoi dheireadh an scéil, tagann Éanna ar an tuiscint sin, go bhfuil rudaí níos measa ann ná a bheith ‘corr’."

Casann an plota ar mhaistíneacht daoine fásta ar ógánaigh agus an teacht aniar ag Síomóin ina dhiaidh - arís, nod don déagóir éiginnte gur féidir teach trín eispéireas dian?

"Ní raibh sin ar intinn agam ach níor mhiste liom ar chor ar bith dá dtabharfadh an scéal misneach do dhaoine. Sin an difear idir an scéalaíocht agus an neamhfhicsean, is dócha. Ní leor a rá, ‘Déan do bhealach féin agus ná bí ag brath ar dhaoine eile.’"

"Caithfidh na carachtair an t-eolas sin a cheannach, mar a déarfá. Ceannaíonn Síomón bocht go daor é. Laoch é féin agus Éanna fosta. Is iontach an teacht aniar a bhíonn i ndaoine óga."

Is úrscéal do dhéagóirí é seo. An gcuirfidh léitheoirí fásta spéis ann chomh maith?

"Fágfaidh mé sin faoi na léitheoirí! Luaigh roinnt daoine liom gur léigh siad é agus gur bhain siad sult as, rud a chuir an-sásamh orm, féadaim a rá."

"Cuid de na leabhair is mó is a chuaigh i gcion orm féin le tamall anuas, bhí siad dírithe ar an aos óg i dtosach. Smaoiním ar ‘Nóinín’ le Máire Zepf nó ‘Faoi Cheilt’, leabhar a d’aistrigh Aifric Mac Aodha ón Fhraincis. Dá mbeadh ‘Éanna Corr’ á lua sa chuideachta sin, is mé a bheadh sásta."

Beidh 'Éanna Corr' á phlé ar An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock ag 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.